Bunaíodh Ard-Mhúsaem na hÉireann faoin Dublin Science and Art Museum Act 1877. Roimhe sin bhí bailiúcháin an mhúsaeim roinnte idir Teach Laighean, a bhí ina cheannáras ag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ar dtús, agus Músaem Stair an Dúlra i Sráid Mhuirfean, fairsingiú a rinneadh ar Theach Laighean i 1856 - 1857. Faoin Acht, cheannaigh an rialtas foirgneamh an mhúsaeim agus na bailiúcháin. D’fhonn stóras agus láthair taispeántais a chur ar fáil do bhailiúcháin Theach Laighean, chuir an rialtas pleananna i bhfeidhm gan mhoill chun músaem nua saincheaptha a thógáil ar Shráid Chill Dara agus ar an 29 Lúnasa 1890 d’oscail an músaem nua a dhoirse agus chuir fáilte roimh an bpobal.

An Foirgneamh

Is sainchomhartha ailtireachta é an foirgneamh a dhear na hailtirí as Corcaigh, Thomas Newenham Deane agus a mhac Thomas Manly Deane. Tógadh é sa stíl Pallaidiach Victeoiriach agus tá comparáid déanta idir é agus an Altes Museum i mBeirlín, a dhear Karl Schinkel sna 1820í. Tá tionchar nuachlasaiceach le feiceáil sa bhealach isteach atá maisithe le colúnraí agus sa rotunda cruinneachánach, atá 20 méadar ar airde agus a dhéanann aithris ar Phaintéón na Róimhe. Taobh istigh den rotunda, tá colúnraí clasaiceacha – de mharmar a baineadh as cairéil i gContaetha Chorcaí, Chill Chainnigh, na Gaillimhe, Luimnigh agus Ard Mhacha – ina scáthán den bhealach isteach. Sa mhórchúirt i lár báire, seasann balcóin ar shraitheanna de cholúnraí caola d’iarann teilgthe agus barr mionsaothraithe ar gach colún agus a mbun maisithe le grúpaí ceiribíní. Ar an mbalcóin tá sraitheanna eile de cholúnraí gan mhaisiúchán agus ascaill stua gréasoscailte tarraingteach ar a seasann an díon.

Tá an taobh istigh maisithe go saibhir le móitífeanna a thugann chun cuimhne sibhialtachtaí ársa na Gréige agus na Róimhe. Léiríonn urláir ríúla mósáice radhairc ón miotaseolaíocht chlasaiceach, ina measc sin tá patrún an stoidiaca sa rotunda a gcuireann cuairteoirí an-spéis ann. Tá na teallaigh mhaisealaca agus na frámaí timpeall ar na doirse a mhonaraigh Potaireacht Burmantofts, Leeds, Sasana, thar a bheith scaoilteach mar atá na doirse adhmaid a ndearna William Milligan as Baile Átha Cliath agus Carlo Cambi as Siena na hIodáile snoíodóireacht den scoth orthu.

 
Mosaic floor in the rotunda depicting the signs of the zodiacGA

Mosaic floor in the rotunda depicting the signs of the zodiacGA

Dearadh Gréasáin le Arekibo