I mí na Nollag 1988, rinneadh an cinneadh ag leibhéal rialtais Dún Uí Choileáin a dhúnadh mar shuiteáil mhíleata, agus ag eascairt as comhchomhairle le roinnt coistí a cruthaíodh chun na críche sin, rinneadh pleananna i Meán Fómhair 1993 chun an suíomh a fhorbairt mar ionad breise de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann. Chinntigh an cinneadh tábhachtach seo gur athchóiríodh an bheairic chónaithe saintógtha is luaithe a tógadh chun na críche sin ar na hoileáin seo d’fhonn é a thiontú ina mhúsaem. Thug sé deis chomh maith chun bailiúcháin an Mhúsaeim a bhí i stóras ó 1922 a chur ar taispeáint. Ba sa bhliain sin a ghlac an rialtas seilbh ar ghailearaithe taispeántais an Mhúsaeim agus ar a oifigí coimeádaithe i dTeach Laighean.

Ba í Cearnóg Uí Chléirigh an chéad suíomh a ndearna Oifig na nOibreacha Poiblí athchóiriú air. Cuireadh trealamh láimhseála aeir sna billéid sna bloic thiar agus theas, blocáladh roinnt mhaith fuinneog agus tinteán agus rinneadh gailearaithe taispeántais de sheomraí beairice. Roghnaíodh móramh na ndéantán a ullmhaíodh le taispeáint ó bhailiúcháin an Rannáin Ealaíne agus Tionscail.

D’oscail an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, Síle De Valera T.D., na Taispeántais Tionscnaimh ar 18 Meán Fómhair 1997. I láthair na huaire tá an Músaem ag obair de réir chlár tógála pleanáilte chun an chuid eile den suíomh 18 acra a úsáid.

Tá an tseanbheairic, ina raibh billéid, stáblaí, scoil mharcaíochta, tailte druileála agus raonta lámhaigh á tiontú go báúil faoi láthair ina ngailearaithe do thaispeántais, bhailiúcháin chúltaca, shaotharlanna caomhantais, leabharlanna agus oifigí. Is í an chearnóg láir a bheidh ina príomhbhealach isteach chuig an Músaem. Scriosadh na foirgnimh a bhain leis an gcearnóg seo sa bhliain 1890. Sa chearnóg gheofar áiseanna do chuairteoirí, bialann agus gailearaithe taispeántais.

Ainmníodh an bheairic agus an chearnóg láir in onóir Mhichíl Uí Choileáin, an chéad Ardcheannasaí ar Shaorstát Éireann, a maraíodh i mBéal na Bláth, Co. Chorcaí ceithre mhí sular géilleadh an bheairic d’Arm an tSaorstáit. Ba é an Ginearál Risteard Ó Maolchatha a ghlac leis an tabhairt ar láimh agus ar an bpointe boise d’ainmnigh sé an suíomh i gcuimhne ar Ó Coileáin.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo