Stair an Mhúsaeim

Bunaíodh an Músaem Eolaíochta agus Ealaíne, Baile Átha Cliath ar 14 Lúnasa 1877 le hacht Parlaiminte. Spreag iarratais ó Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS) ar mhaoiniú leanúnach ón Rialtas dá ghníomhaíochtaí Músaeim an cinneadh chun músaem a bhunú a bheadh á reáchtáil ag an Stát. Bhí roinnt forbairtí ba chúis leis an ‘Science and Art Museums Act’ 1877, agus mar thoradh orthu seo aistríodh foirgnimh agus bailiúcháin an RDS go húinéireacht an Stáit. Cuireadh leis na bailiúcháin chomh maith trí bhailiúcháin shuaitheanta eile a aistriú ó institiúidí ar nós Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA) agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (TCD).

Ba í an Roinn Eolaíochta agus Ealaíne a bhíodh freagrach as an Músaem, agus bhíodh sí freagrach as músaeim Kensington Theas i Londain chomh maith. Léiríodh tacaíocht Stáit don institiúid trí fhoirgnimh nua a thógáil ar Shráid Chill Dara, agus osclaíodh don phobal iad in 1890. Bhí boinn airgid, boinn chomórtha agus seaniarsmaí na hÉireann ón RIA sa Mhúsaem, agus i measc na seaniarsmaí sin bhí Dealg na Teamhrach agus Cailís Ardach, mar aon le bailiúcháin eitneagrafacha le hábhar ó thurais Chaptaen Cooke ó Choláiste na Tríonóide, agus bailiúcháin Shuirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann. Cuireadh ábhar breise leo seo ó bhailiúcháin eitneagrafacha agus ealaíon maisiúil an RDS chomh maith lena bhailiúcháin Éireannacha de sheaniarsmaí, de mhianraí agus de phlandaí. Bhí sean-mhúsaem an RDS ar thaobh Shráid Mhuirfean de Theach Laighean - a tógadh le cúnamh ón Rialtas agus a osclaíodh in 1856 - tugtha do stair an dúlra. Bhí ceannasaíocht ag zó-eolaíocht ar feadh mórán dá réim ina dhiaidh sin agus bhí fortheach de tiomnaithe don gheolaíocht.

Ba é Thomas Newenham Deane a dhear an foirgneamh ar Shráid Chill Dara agus baineadh úsáid as chun ceardaíocht chomhaimseartha Éireannach, Bhriotanach agus Mhór-roinneach a thaispeáint ina dhéantús. Chabhraigh an bhaint a bhí ag an Stát le reáchtáil an Mhúsaeim le maoiniú seasta a sholáthar agus nasc le músaeim stáit eile i Londain agus i nDún Éideann a bhí ina bhuntáiste mór. D’fhás na bailiúcháin le hábhair a fuarthas trí bhailiúcháin a cheannach, trí thabhartais phoiblí agus trí chionroinnt bhailiúcháin shuntasacha a fuair an stát agus a scaip na músaeim i Londain. D’ullmhaigh príomh-shaineolaithe i ndisciplíní éagsúla catalóga agus cuireadh i gcló iad i gclóphreas an Mhúsaeim féin. I 1900 athraíodh rialú an Mhúsaeim go dtí an Roinn Talmhaíochta agus Ceardoideachais agus i 1908 athraíodh a ainm ó “Músaem Eolaíochta agus Ealaíne Bhaile Átha Cliath” go dtí an “Músaem Náisiúnta Eolaíochta agus Ealaíne”. Athraíodh ainm na hinstitiúide arís i 1921 go dtí ‘Ard-Mhúsaem na hÉireann’.

I ndiaidh bhunú an tSaorstáit i 1922, roghnaíodh seanfhoirgnimh an RDS i dTeach Laighean (a aistríodh go húinéireacht an Stáit mar aon le bailiúcháin mhúsaem na hinstitiúide sin in 1877) le bheith mar cheanncheathrú na parlaiminte nua (an Dáil). Bhí orthu spás a fháil d’fhoireann an Mhúsaeim a bhí lonnaithe i dTeach Laighean go dtí sin agus glacadh roinnt gailearaithe i Sráid Chill Dara don chuspóir seo. Tugadh bealach isteach nua don fhoirgneamh do Stair an Dúlra a d’oscail díreach amach ar Shráid Mhuirfean agus athraíodh an ailtireacht chun an oscailt reatha ar an taobh thoir a chruthú agus chun staighrí nua a thógáil.

Ghlac an Roinn Oideachais freagracht as an Músaem i 1924; i 1984 aistríodh go Roinn an Taoisigh é agus i 1993 aistríodh chuig an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta nua é (an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán níos déanaí). In 2002, aistríodh rialú an Mhúsaeim go dtí an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta sular bunaíodh é mar ghníomhaireacht leathstáit uathrialach faoina Bhord féin faoi dheireadh in 2005.

Ar feadh dara leath an 20ú hAois b’iad na príomhriachtanais a bhí ag an Músaem ná dóthain spáis a fháil lena chuid bailiúchán a thaispeáint agus a stóráil agus ball foirne riachtanach a fháil chun cúram a dhéanamh do na bailiúcháin agus chun seirbhísí poiblí fónta a chur ar fáil. Tháinig deiseanna d’áitribh nua chun cinn i ndiaidh don Rialtas cinneadh a dhéanamh i 1988 Dún Uí Choileáin i mBaile Átha Cliath a dhúnadh. Thosaigh an coimpléasc amach in 1702 mar 'An Dún' (The Barracks), athraíodh é i dtús an 19ú hAois go dtí an 'An Dún Ríoga', agus athainmníodh é mar Dhún Uí Choileáin i 1922 nuair a ghlac an Saorstát ar lámh é. Ba é an Coirnéal Thomas Burgh a dhear na foirgnimh bhunaidh agus bhí trúpaí ina gcónaí sa choimpléasc, ina bhfuil foirgnimh ón 18ú agus ón 19ú hAois, ar feadh trí haois. Sannadh é d’úsáid an Mhúsaeim i 1994 agus d’oscail an chéad chéim de thaispeántais ar an suíomh (Céim 1) i Meán Fómhair 1997. Tosóidh obair ar Chéim 2 ar an taobh thiar den suíomh in 2009. I Meán Fómhair 2001 osclaíodh brainse Shaol na Tuaithe an Mhúsaeim i bPáirc Thurlaigh, Co. Mhaigh Eo. Tá bailiúcháin náisiúnta ‘saol na ndaoine’ de chuid an Mhúsaeim i dTeach Pháirc Thurlaigh (foirgneamh Gotach Veinéiseach a dhear Thomas Newenham Deane) agus ina ghairdíní; tá siad seo tiomnaithe do cheirdeanna traidisiúnta agus an saol laethúil faoin tuath in Éirinn ón nGorta Mór ar aghaidh.

In éineacht leis na háiseanna breise seo a fháil rinneadh athruithe ar struchtúr agus rialachas an Mhúsaeim sna 1990idí. Ceapadh Bord Eatramhach i 1994 le maoirsiú a dhéanamh ar fhorbairt shuíomh Dhún Uí Choileáin agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhain leis an bhforbairt seo. Rinne an tAcht um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997 foráil don Mhúsaem a bhunú mar chomhlacht leathstáit neamhthráchtála faoi Bhord uathrialach agus baill foirne a aistriú ón Státseirbhís. Ceapadh an chéad Bhord ar 2 Bealtaine 2005.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo