Reachtaíocht

an tAcht um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997 ar líne ar láithreán gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireannLinks to external website mar aon leis an reachtaíocht ar fad ó 1922.

(i) Leagtar síos creatlach san Acht um Fhorais Chultúir Náisiúnta faoina gcaithfidh an Músaem feidhmiú.

(ii) Tá tionchar suntasach ag Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta (1930 - 1994) ar obair an Mhúsaeim. Bunaíonn siad ról an Stiúrthóra in Ard-Mhúsaem na hÉireann trí úinéireacht an Stáit a dhearbhú maidir le réada seandálaíochta a aimsítear agus nach fios cén úinéir atá orthu. Lena chois sin, déanann siad foráil do ról an Mhúsaeim mar fhoras rialála i seandálaíocht na hÉireann. Tá ról comhairleach ag an Stiúrthóir leis an Roinn Comhshaoil maidir le ceadú na tochailte seandálaíochta. Téann an Roinn Comhshaoil i gcomhairle leis an Músaem freisin maidir le toilithe chun gléasanna braite a úsáid. Tá freagracht ar an Músaem freisin as próiseáil na gceadúnas maidir le heaspórtáil agus athrú na réad seandálaíochta. Tá an Músaem rannpháirteach freisin leis an Roinn Comhshaoil i gCóid Chleachtais a cheapadh le príomhfhorbróirí cosúil leis an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, Bord Gáis agus Údaráis na gCalafort, agus le reachtaíocht oidhreachta a dhréachtú agus a athbhreithniú.

(iii) Tá ról reachtúil ag an Stiúrthóir faoin Merchant Shipping (Salvage and Wreck) Act 1993 maidir le báid stairiúla a briseadh agus réada seandálaíochta na farraige. Tá ról intuigthe ann freisin don Mhúsaem leis an Roinn Comhshaoil maidir le roinnt achtanna forbartha cosúil leis an Acht Gáis 1976, an Acht Iascaigh agus Imeall Trá (Leasú) 1992, an Acht Cuanta 1996, an Acht um Dhumpáil ar Farraige 1996, agus an Acht Forbartha Móna 1998. Lena chois sin, tugann an Músaem comhairle don Roinn Comhshaoil freisin maidir le hiarratais ar cheadúnais tumtha ar láithreáin faoi uisce le hiarsmaí atá níos mó ná 100 bliain d’aois, agus ar shocrú agus ar fheidhmiú na n-Orduithe Oidhreachta Faoi Uisce.

(iv) Bunaítear an Chomhairle Oidhreachta faoi Acht Oidhreachta 1995 agus sainítear gnéithe éagsúla na hoidhreachta ann. Tá dualgas ar an Músaem, faoin Acht um Fhorais Chultúir Náisiúnta 1997, cabhrú leis an gComhairle le comhairle ar shaincheisteanna oidhreachta. Freastalaíonn foireann an Mhúsaeim ar roinnt coistí de chuid na Comhairle. Freisin, tugann an tAcht deiridh ról don Chomhairle maidir le haighnis a réiteach a bhaineann le stóir réada seandálaíochta, agus ceadaítear don Aire ról a chineachadh ar an gComhairle maidir le réada oidhreachta.

(v) Tá tionchar ag dlí an chóipchirt ar ghiniúint ioncaim ó íomhánna grianghrafadóireachta agus foilseacháin sna meáin nua. Seo deis chun féidearthacht cartlainne íomhánna an Mhúsaeim a fhíorú. Tá nuashonrú déanta ar an eilimint seo san Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000.

(vi) Tá ról bronnta ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997, ag an Acht um Chosaint Sonraí 1988 agus ag treoracha stáit ar an Músaem mar bhainisteoir agus mar sholáthraí faisnéise ar bhonn nua.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo