Mary Dowling

Tháinig Mary Dowling chuig an Músaem in 2005. Mar Bhainisteoir Acmhainní Daonna tá sí freagrach as bainistiú agus forbairt a dhéanamh ar raon iomlán na bhfeidhmeanna arna leagan amach ag Aonad Acmhainní Daonna lárnach. Ina measc seo tá earcaíocht; oiliúint agus forbairt foirne; caidreamh tionsclaíoch agus caidreamh fostaithe; agus riarachán scéimeanna aoisliúntais. Is í Oifigeach Idirchaidrimh um Shaoráil Faisnéise an Mhúsaeim í chomh maith agus tá ról mór aici in obair a bhaineann le forálacha na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí.

Tá sí tar éis roinnt mhaith blianta a chaitheamh in Acmhainní Daonna i ranna Rialtais éagsúla, agus tá saintaithí aici ar phinsin ghairme agus earcaíocht. Bhí príomhról aici i bhfeidhmeanna Acmhainní Daonna a aistriú ón Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta nuair a rinneadh comhlacht reachtúil neamhspleách den Mhúsaem in 2005.

Tá roinnt cáilíochtaí aici, Teastas i mBainistíocht Acmhainní Daonna ina measc, agus tá sí ina Ball Comhlach den CIPD.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo