Olivier Kazmierczak

Tháinig Olivier Kazmierczak chuig an Músaem in 2007 mar Bhainisteoir TFC. Tá sé freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an straitéis, bonneagar agus oibríochtaí do chórais faisnéise an Mhúsaeim.

Sular tháinig sé chuig an Músaem, d’oibrigh Olivier le EMC Captiva (doiciméid a ghabháil, a rangú agus a bhainistiú) sa Fhrainc agus in Éirinn, mar stiúrthóir suímh ar ionad forbartha bogearraí agus mar stiúrthóir cáilíochta domhanda. Tá roinnt mhaith taithí aige cheana féin, bhí sé ina bhainisteoir tionscadail le Foras na Mara agus ina chomhairleoir i réimsí maidir le bunachair shonraí, bainistíocht inneachair, mianadóireacht sonraí, bogearraí saincheaptha a fhorbairt agus comhtháthú córas.

Is innealtóir deimhnithe sa Fhrainc é Olivier le breis agus 22 bliana de thaithí ghairmiúil i gcúrsaí TF. Tá sé oilte go gairmiúil ar na cleachtais is fearr agus na modheolaíochtaí i Seirbhísí TF (ITIL), Innealtóireacht Bogearraí (SDLC, Agile), Bainistíocht agus Feabhsú Próiseas (ISO 9000, CMMI, 6Sigma) agus Bainistíocht Tionscadail (Prince2). Tá Olivier i mbun MSc faoi láthair i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo