Tháinig Raghnall Ó Floinn chuig an Músaem i 1976 mar Choimeádaí Cúnta i rannán na Seaniarsmaí, agus d’fhan sé sa phost sin go dtí 2003. Mar Cheann na mBailiúchán tá sé freagrach go hiomlán as cúram agus forbairt na mbailiúchán agus as taighde a dhéanamh. I measc na gcáilíochtaí atá aige tá MA sa Seandálaíocht Cheilteach (UCD).
I measc na sainspéiseanna atá aige tá: ré na meánaoise, le béim ar leith ar chumhdaigh agus an cultas taisí; miotalóireacht mhaisithe; seandálaíocht Eaglais na hÉireann sa mheánaois luath; agus stair na mbailiúchán.
Is Comhalta é den Society of Antiquaries of London agus tá sé ina bhall de Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá roinnt páipéar scríofa agus bhí sé ina chomheagarthóir ar roinnt leabhar.