Do Chuairt a Eagrú

Tabharfaidh an t-eolas seo a leanas cúnamh duit chun cuairt thaitneamhach agus rathúil a eagrú, agus ba chóir duit é a léamh roimh duit áirithint a dhéanamh. Mura bhfaigheann tú an t-eolas a theastaíonn uait thíos, léigh na Ceisteanna Coitianta nó déan teagmháil leis an Oifig Áirithintí.

Táillí i gcomhair Seirbhísí Oideachais.

Tá gníomhaíochtaí cláir poiblí saor in aisce. D’fhéadfadh go dteastódh éarlais áirithinte de €20.00 i gcomhair Cúrsaí Lae.

Níl aon táille do ghníomhaíochtaí do ghrúpaí oideachais a dhéanann áirithint roimh ré. Tá táille de €40.00 in aghaidh an turais nó na gníomhaíochta i gceist do gach grúpa eile. Sa chás go bhfuil táille i gceist, ba chóir do cheannaire an ghrúpa a chinntiú go mbailítear an táille seo roimh ré nó seic atá iníoctha d’Ard-Mhúsaem na hÉireann a bheith acu.

Ba chóir do ghrúpaí atá áirithint acu i gcomhair turais threoraithe agus/nó gníomhaíochtaí a theacht in am. Ní féidir linn turas nó gníomhaíocht iomlán a ghealladh daoibh má bhíonn bhur ngrúpa níos mó ná 15 nóiméad deireanach. Cuir an Oifig Áirithintí ar an eolas má tá sibh chun a bheidh deireanach ar lá bhur gcuairte.

Más mian leat áirithint a chur ar ceal, nó má thagann athrú ar líon na ndaoine sa ghrúpa, cuir an Oifig Áirithintí ar an eolas chomh luath agus is féidir. Níl aon táille i gcomhair turais nó gníomhaíochtaí do ghrúpaí scoile a dhéanann áirithint roimh ré. Gearrfar táille €40.00 in aghaidh an turais/na ceardlainne ar ghrúpaí nach dtugann fógra 48 uair an chloig ar a laghad roimh an gcuairt.

Comhairle do Mhúinteoirí

Beidh eispéireas foghlama i bhfad níos saibhre ag scoláirí a thugann cuairt ar an Músaem má dhéantar roinnt réamhoibre sa seomra ranga roimh an gcuairt. Ba chóir do mhúinteoirí/ceannairí grúpaí réamhchuairt a eagrú dóibh féin chun iad a féin a chur i gcleachtadh ar na taispeántais, gníomhaíochtaí a phleanáil agus acmhainní a bhailiú.

Chun cabhrú leis an rannóg Oideachais agus For-rochtana seirbhís den scoth a chur ar fáil, beidh na huas-teorainneacha cuairteoirí seo a leanas i gceist i gcomhair gach turas nó gníomhaíocht:

  • Ranganna na naíonán - Turas/Gníomhaíocht: suas le 10 
  • Turas/Gníomhaíocht Bunscoile (rang 1 - rang 6): suas le 15
  • Turas/Gníomhaíocht idirbhliana & timthriall sóisearach Iarbhunscoile: suas le 15
  • An Timthriall sinsearach Iarbhunscoile - Turas: suas le 25/Gníomhaíocht: suas le 15
  • Leanaí/Daoine fásta a bhfuil riachtanais speisialta acu - Turas/Gníomhaíocht: suas le 10
  • Daoine Fásta - Turas: sual le 25/Gníomhaíocht: suas le 15/20
  • Grúpaí le Teangacha Iasachta le leibhéal teanga réamh-mheánleibhéal agus meánleibhéal - Turas/Gníomhaíocht: suas le 15

Cuairteanna Féin-Threoraithe

Tá fáilte roimh ghrúpaí ar mian leo cuairt féin-threoraithe a dhéanamh. Molaimid go dtabharfadh múinteoirí/ceannairí ghrúpaí fógra roimh ré de gach cuairt tríd an Oifig Áirithintí. Tá pacáiste acmhainne ar fáil chun cabhrú le múinteoirí/ceannairí ghrúpaí réiteach i gcomhair a dturais.

Saoráidí

Rochtain
Tá gach foirgneamh de chuid an Mhúsaeim oiriúnach do chathaoir rothaí. Tá leithris do chuairteoirí le míchumais lonnaithe i gcoimpléasc an Tí agus i ngailearaithe an Mhúsaeim. Is féidir leat tuilleadh eolais faoi inrochtaineacht a fháil sa chuid Tabhair Cuairt Orainn.

Páirceáil
Tá saoráidí páirceála saor in aisce faoi mhaoirseacht ar fáil.

Má tá do ghrúpa ag taisteal i Mionbhus, i mBus nó i gCóiste, inis don tiománaí go bhfuil an bealach isteach chuig an Músaem réasúnta cúng agus nach mór a bheith cúramach.

Slándáil
Ós rud é nach bhfuil ach méid teoranta saoráidí seomra cótaí ar fáil, ba chóir do leanaí an méid is lú bagáiste agus is féidir a thabhairt leo isteach i bhfoirgnimh an Mhúsaeim. Ba chóir do chuairteoirí sparáin agus nithe luachmhara eile a choinneáil leo le linn na cuairte. Inis don ghrúpa roimh ré nach bhfuil cead teagmháil leis na taispeántáin.

Níl cead grianghraif a thógáil le ceamara ná físcheamara gan cead a bheith faighte i scríbhinn roimh ré. Tá foirmeacha ceada ar fáil ag an deasc fáiltithe ach iad a iarraidh.

Caifé
Cuireann Caifé an Mhúsaeim margaí béile speisialta ar fáil do scoileanna, roghanna sláintiúla san áireamh. Téigh i dteagmháil leis an gcaifé go díreach ar +353 94 92 89972 nó seol ríomhphost chun tuilleadh eolais a fháil nó chun áirithint don chaifé a dhéanamh. Molaimid go láidir go ndéanfá áirithint i gcomhair do chuairte Músaeim ar dtús.

Siopa
Tá réimse leathan leabhair ar shaol tuaithe na hÉireann ag Siopa an Mhúsaeim, chomh maith le foilseacháin a bhaineann le láithreáin eile an Mhúsaeim. Tá píosaí ealaíne agus ceardaíochta uathúla arna dtáirgeadh ag ceardaithe Éireannacha ar díol chomh maith le go leor nithe níos lú atá feiliúnach do leanaí.

Maoirseacht

Molaimid go mbeadh duine fásta amháin ann do gach 15 leanbh/scoláire.

Ní mór do dhaoine fásta fanacht in éineacht lena ngrúpa an t-am go léir le linn na cuairte, agus a bheith freagrach as a n-iompar.

Tá súil againn go mbainfidh tú sásamh as do chuairt.


 
Dearadh Gréasáin le Arekibo