For-rochtain

Cuireann an rannóg Oideachais agus For-rochtana seirbhís for-rochtana theoranta ar fáil do scoileanna náisiúnta atá páirteach sa Scéim Deis agus do ghrúpaí phobail den chuid is mó. Is féidir le foireann oideachais ceardlanna, léirithe agus cainteanna a sheachadadh sa seomra ranga nó ag suíomh eile, rud a thabharfaidh an Músaem chomh fada leatsa.

Ón uair a d’oscail Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe i Meán Fómhair 2001 tá seirbhísí for-rochtana seachadta chuig líon mór scoileanna ar fud na tíre. I measc na ngrúpaí eile a bhain tairbhe ón tseirbhís saor in aisce seo tá:

  • Féile Idirnáisiúnta Baboró do Pháistí
  • Féile Phléaráca - Ceiliúradh na nEalaíon i gCeantar na Gaeltachta
  • Tionscadal ó Ghlúin go Glúin sa Chladach Dubh, Conamara, Co. Mhaigh Eo.
  • Féile Leabhar na Leanaí Leabharlann Poiblí Thobar an Choire, Tobar an Choire, Co. Shligigh.
  • Páirc an Chúil, Gort Inse Guaire, Co. na Gaillimhe

For-rochtain Faoi Thrácht

Ceiliúradh Céad Bliain 2007 Scoil Náisiúnta Chill an Mhuilinn, Mala, Co. Chorcaí

Thug an fhoireann ón rannóg Oideachais agus For-rochtana cuairt ar Scoil Náisiúnta Chill an Mhuilinn mar chuid de cheiliúradh 100 bliana na scoile. Ba é an téama a roghnaigh an lucht eagraithe ná ‘Spórt agus Cluichí i measc an Phobail’. Ghlac céad is a caoga leanaí idir 5 -13 bliana d’aois ó Chill an Mhuilinn, agus ón dá scoil chomharsanacha eile ó Bhaile Uí Ghabhann agus ó Raithean, páirt i gceardlanna Bréagáin Traidisiúnta agus i gCluichí Traidisiúnta. Bhí na gníomhaíochtaí ag dul ar aghaidh thar thréimhse dhá lá agus chuir na leanaí leis an atmaisféar trí ghléasadh in éadaí seanfhaiseanta.


 
Dearadh Gréasáin le Arekibo