Seomra Palaitíneach
Tá staighre breá, saoráidí cistine den scoth agus radharc álainn amach ar Chearnóg Uí Chléirigh ag an Seomra Palaitíneach, rud a chruthaíonn suíomh den scoth d’ócáidí ar leith - go praiticiúil agus go haeistéitiúil. Tá an Seomra Palaitíneach, a ainmníodh i ndiaidh muintir Palaitíneach na Gearmáine, a fuair lóistín sa Bheairic nuair a tháinig siad in 1706, ábalta freastal ar 100 duine ina suí nó 200 duine ina seasamh, agus is féidir é a fheistiú amach i gcomhair aon ócáide. Tá an Seomra Palaitíneach le fáil ar cíos i rith an lae agus an tráthnóna.
Sracfhéachaint:
| Gnéithe | Sonraí |
|---|
| Iontach i gcomhair | Comhdhálacha, léachtaí, féastaí agus ceardlanna |
| Cuimsíonn sé | An Seomra Palaitíneach, cistin, leithris |
| Líon áiteanna do dhaoine ina seasamh | 200 |
| Líon áiteanna do dhaoine ina suí | 80-100 |
| Fad | 11m |
| Leithead | 8.5m |
| Achar | 93.5m cearnach |
| Airde an tsíleála | 6m |
| Ar fáil ar cíos | Lá nó oíche |
| Leibhéal an Urláir | An Chéad Urlár |
| Oiriúnach do Chathaoireacha Rothaí | Tá |