Réamhscoil
Is féidir gníomhaíochtaí idirghníomhacha bunaithe ar bhailiúcháin an Mhúsaeim a chur in áirithe do leanaí in aois réamhscoile. Is féidir le gach gníomhaíocht freastal ar suas le 15 leanbh atá trí nó ceithre bliana d’aois.
Cuirfear na coincheapa agus na scileanna seo a leanas in iúl do leanaí:
Coincheapa- Am agus Croineolaíocht
- Cosúlachtaí agus Éagsúlachtaí
- Athrú agus Leanúnachas
- Fianaise
Scileanna- Breathnóireacht
- Cinnteoireacht
- Cumarsáid
- Seicheamhú
Ceardlann:
Is í aidhm na ceardlainne ná “bealach isteach” chuig gailearaithe Airgead na hÉireann a thabhairt do leanaí réamhscoile. Spreagtar na leanaí chun iniúchadh a dhéanamh ar na gailearaithe ag lorg déantán a bhfuil móitífeanna ainmhí orthu. Cuirtear na ceardlanna ar fáil i ngailearaithe Airgead na hÉireann agus soláthraítear bunábhair ealaíne dóibh. Caithfear áiteanna a chur in áirithe roimh ré.
Uasmhéid: 15 in aghaidh an ghrúpa. Fad: 45 nóiméad.
Boscaí Gníomhaíochta
Scrúdaigh roinnt gailearaithe an Mhúsaeim trí réada a láimhseáil.
Uasmhéid: 15 in aghaidh an ghrúpa. Fad: 45 nóiméad.
Réimse Gníomhaíochta
Tá an Réimse Gníomhaíochta ina acmhainn do leanaí réamhscoile, do theaghlaigh agus do leanaí eile agus tá sé suite idir na gailearaithe Ón Stór agus Airgead na hÉireann ar an gcéad urlár den Mhúsaem. Cuirtear raon gníomhaíochtaí ar fáil sa réimse seo a dhíríonn ar ghailearaí nó ar théama éagsúil agus athraítear go rialta iad. Bíonn na gníomhaíochtaí oiriúnach do leanaí atá ceithre bliana d’aois agus os a chionn. Is féidir le grúpaí réamhscoile an réimse seo a chur in áirithe le linn na seachtaine.
Uasmhéid: 12 in aghaidh an ghrúpa. Fad: 45 nóiméad.