Réamhscoil

Is féidir gníomhaíochtaí idirghníomhacha bunaithe ar bhailiúcháin an Mhúsaeim a chur in áirithint do leanaí réamhscoile. Is féidir le gach gníomhaíocht freastal ar suas le 10 leanaí atá trí nó ceithre bliana d’aois.

Cuirfear na coincheapa agus na scileanna seo a leanas in aithne do na leanaí:

Coincheapa: Am agus Croineolaíocht, Cosúlachtaí agus Difríochtaí, Athrú agus Leanúnachas agus Fianaise

Scileanna: Breathnúchán, Déanamh Cinntí, Cumarsáid agus Seicheamhú


Turais Shóisearacha agus Ceardlanna


I measc na ngníomhaíochtaí is féidir leat a chur in áirithint do do ghrúpa tá:


Turas Sóisearach

Turas Tithíochta Sóisearach

Tá gach ceann de na turais idirghníomhacha seo deartha chun leanaí óga a chur i dteagmháil le bailiúcháin an Mhúsaeim. Cuairt ar thaispeántais ar leith, le seisiúin láimhsithe tadhlacha ag teacht ina dhiaidh le réada atá cosúil leo siúd atá ar taispeáint. Bíonn deis ag na leanaí cluiche traidisiúnta a fhoghlaim ansin agus allas a chur!


Ceardlann Éadaí Traidisiúnta
Ceardlann ar Thithíocht san Am atá Caite
Ceardlann Ceoil ‘San Fharraige Mhór Dhomhain’
Ceardlann ar Shaol an Teaghlaigh san Am atá Caite

Tá na ceardlanna sóisearacha forbartha chun leanaí a spreagadh chun idirghníomhú le Bailiúcháin an Mhúsaeim trí réada a láimhseáil, ról-imirt, ransú smaointe chomh maith le gníomhaíochtaí ceoil agus ealaíne.


Clár Poiblí


Bíonn gníomhaíochtaí do leanaí atá sé bliana d’aois agus níos óige sa bhFéilire Imeachtaí gach ráithe. Is féidir áiteanna ar na gníomhaíochtaí seo a chur in áirithint ar bhonn aonair. Ní mór do dhuine fásta a bheith in éineacht leis na leanaí chun iad a spreagadh agus chun cabhrú leo agus iad ag glacadh páirt san imeacht. Téigh chuig an rannóg Imeachtaí chun tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí.


Cluichí Traidisiúnta
Tá bosca Cluichí Traidisiúnta ag an Músaem, atá ar fáil ar iasacht i rith do chuairte. Téigh chuig an rannóg Cluichí chun tuilleadh eolais a fháil ar na cluichí.


Do Chuairt a Eagrú agus a Chur in Áirithint


Téigh chuig an rannóg um Áirithintí chun eolas a fháil faoi conas gníomhaíocht grúpa a chur in áirithint nó chun Clár as an bhFéilire Imeachtaí a fháil.


Cuirfear íomhanna ar fáil (Ceol, Cluichí, Turas Gailearaí)

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo