An Bhunscoil
Ag an leibhéal bunscoile, tá turais agus gníomhaíochtaí dírithe ar riachtanais an churaclaim d'Oideachas Sóisialta, Comhshaoil agus Eolaíochta (lena n-áirítear na hábhair lárnacha, Stair, Tíreolaíocht agus Eolaíocht) agus an churaclaim Amharcealaíon. Ábhair eile a fhaigheann tacaíocht ónár gcláir ná Béarla, Gaeilge, Drámaíocht agus OSPS.
Chomh maith leis na turais agus na ceardlanna a liostaítear thíos, tá Boscaí Gníomhaíochta ann, a thugann deis do leanaí iniúchadh a dhéanamh ar ghailearaithe an Mhúsaeim trí réada a láimhseáil. Tá sé seo oiriúnach do 15 rannpháirtí ar a mhéad agus maireann sé ar feadh 45 nóiméad.