Bunscoil
Ag an leibhéal bunscoile, tá turais agus gníomhaíochtaí dírithe ar riachtanais an churaclaim d'Oideachas Sóisialta, Comhshaoil agus Eolaíochta, lena n-áirítear na hábhair lárnacha Stair, Tíreolaíocht agus Eolaíocht. Ábhair eile a fhaigheann tacaíocht ónár gcláracha ná Amharcealaíona, Béarla, Gaeilge, Ceol agus Matamaitic.
I measc na sraitheanna lárnacha bunscoile tá:
Stair: Saol, sochaí, obair agus cultúr fadó; Leanúnachas agus athrú thar am; staidéar áitiúil; scéal; mé féin agus mo theaghlach.
Tíreolaíocht: Timpeallachtaí daonna; Timpeallachtaí nádúrtha; Feasacht chomhshaoil agus cúram don chomhshaol.
Eolaíocht: Nithe beo; Fuinneamh agus fórsaí; Ábhair; Feasacht chomhshaoil agus cúram don chomhshaol.
Na hAmharcealaíona: Tógáil; Líníocht; Péint agus dath; Fabraic agus snáithín; Prionta; Cré.
Béarla: Cumais chognaíocha a fhorbairt trí theanga; forbairt mhothúchánach agus shamhlaíoch trí theanga; glacadh teanga; cumas agus iontaoibh in úsáid teanga.
Gaeilge: Éisteacht; Labhairt.
Ceol: Éisteacht agus freagairt; Taibhléiriú; Cumadh.
Matamaitic: Uimhir; Cruth agus spás; Tomhais; Sonraí
Cathain ar chóir cuairt a thabhairt i gcomhair gníomhaíochtaí?
Ba mhaith linn múinteoirí a spreagadh chun a ranganna a thabhairt ar cuairt idir Meán Fómhair agus Aibreán nuair is féidir linn réimse níos leithne gníomhaíochtaí a chur ar fáil don rang. Bíonn Bealtaine agus Meitheamh an-ghnóthach go traidisiúnta do thurais agus cuairteanna scoile, agus is iondúil nach féidir ach turais de na gailearaithe a chur ar fáil le linn na tréimhse seo.
Ag réiteach dod’ Chuairt agus Maoirseacht
Beidh eispéireas foghlama i bhfad níos saibhre ag scoláirí a thugann cuairt ar an Músaem má dhéantar roinnt réamhoibre sa seomra ranga roimh an gcuairt. Ba chóir do mhúinteoirí/ceannairí grúpaí réamhchuairt a eagrú dóibh féin chun cleachtadh a fháil ar na taispeántais, gníomhaíochtaí a phleanáil agus acmhainní a bhailiú.
Tá sé mar aidhm againn cóimheas de threoraí amháin in aghaidh gach 15 dhalta bunscoile agus iarbhunscoile íochtair, treoraí amháin in aghaidh gach 25 dalta iarbhunscoile uachtair, treoraí amháin in aghaidh gach deichniúr a bhfuil riachtanais speisialta acu agus treoraí amháin in aghaidh gach 25 duine fásta a bhaint amach. Iarraimid nach mór duine fásta amháin a bheith ann do gach 15 dhalta agus nach mór do dhaoine fásta fanacht in éineacht lena ngrúpa an t-am go léir le linn na cuairte ar an Músaem agus sna tailte agus tá siad freagrach as iompar agus sábháilteacht an ghrúpa. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thuras a eagrú agus a chur in áirithint, féach an chuid um Áirithintí.
Clár Gníomhaíochtaí Scoileanna
Gach scoilbhliain cuireann an rannóg Oideachais clár cuimsitheach ar fáil do scoileanna ag cur síos ar na gníomhaíochtaí atá sceidealta don scoilbhliain. Tá an clár ar fáil tríd an Oifig Áirithintí nó sa phost trí sheirbhís liosta seoltaí saor in aisce an Mhúsaeim.
Is féidir réimse leathan turais agus gníomhaíochtaí a chur in áirithint roimh ré, taobh amuigh den chlár sceidealta. Tá gach turas agus gníomhaíocht ag brath ar fáil a bheith orthu.