An Bhunscoil
Tá nasc ag na ceardlanna do leanaí bunscoile leis na curaclaim Eolaíochta agus Tíreolaíochta OSCE. Tá na gníomhaíochtaí suimiúil agus siamsúil, agus cuireann siad bitheolaíocht, caomhnú agus aire don chomhshaol in iúl do na leanaí.
Ceardlanna
Féach ar na Fiacla Móra Sin!
Tar linn ar an gceardlann seo agus foghlaimeoidh tú na difríochtaí idir feoiliteoirí, luibhiteoirí agus uiliteoirí trí fhéachaint ar a bhfiacla, a súile, a gcluasa agus a sróna. Faigh amach conas a bhraitheann agus a fhéachann blaoscanna gach cineál ainmhí.
Oiriúnacht: Naíonáin go rang a 6
Fad: 30-45 nóiméad
Méid an ghrúpa: Naíonáin scoile i ngrúpaí de <15
Grúpaí rang 1 go dtí rang 6 de <20
Ag Glaoch ar Shaoistí Mara! (PÍOLÓTACH)
Tá an trá ar cheann de na gnáthóga fiáine is éasca teacht uirthi in Éirinn, agus tá go leor plandaí agus ainmhithe ar an trá le scrúdú agus le haithint. Déanfaidh an cheardlann cur síos ar an gcaoi a mhaireann na créatúir shuimiúla seo i dtimpeallacht chomh aisteach sin, agus foghlaimeoidh leanaí conas eochair eolaíochta a úsáid chun créatúir a aithint fad is atá siad ag cleachtadh mar shaoistí mara ar ár miontránna!
Ag an deireadh iarrfar ar mhúinteoirí measúnú a dhéanamh ar an gceardlann ag baint leasa as ceistneoir anaithnid.
Oiriúnacht: rang 3 go rang 6
Fad: 45 nóiméad
Méid an ghrúpa: uasmhéid 20 leanbh
Príomhnaisc leis an gCuraclam
Eolaíocht OSCE
- Nithe Beo
- Feasacht Chomhshaoil agus Cúram don Chomhshaol
Tíreolaíocht OSCE
- An Timpeallacht Nádúrtha
- Feasacht Chomhshaoil agus Cúram don Chomhshaol
Scileanna
- Breathnú
- Ceistiú
- Réamh-mheas
- Anailísiú