Gunnaí Móra na hArmáide

Fuarthas an ceann is mó de na gunnaí móra seo, an gunna mór léigir, ó raic Armáid na Spáinne den Trinidad Valencera, amach ó chósta Chontae Dhún na nGall. Long thrádála Veinéiseach ab ea an Trinidad Valencera a gabhadh sa tSicil i 1586 agus a cuireadh isteach i seirbhís Philip II na Spáinne. Bhí meáchan 1,000 tona inti agus bhí sí ar an gceathrú long ba mhó i mórarmáid 1588, lena ndearna Philip iarracht ionradh a dhéanamh ar Shasana. I ndiaidh cath leis na Sasanaigh agus stoirm uafásach, raiceáladh mórán de na longa ón gcabhlach mórthimpeall chósta na hÉireann.

Theilg bunaitheoir an ríshleachta, Remigy de Halut, an gunna mór léigir i 1556 sa Bhruiséil. Tá inscríbhinn air a luann ainm an duine a rinne é, mar aon le hairm Philip II agus tá sé maisithe le deilfeanna agus duilliúr stílithe. Tá sé déanta as cré-umha, agus tá sé 2.5 tona meáchaon agus bhí sé in ann liathróid iarainn 41 punt meáchain a scoileadh. Bhí sé seo ar cheann de roinnt gunnaí léigir a bhí á iompar ag na 130 long san armáid le hullmhú don choncas a bhí beartaithe ar Shasana, mar aon le 19,000 saighdiúir agus a gcuid soláthairtí.

Fuarthas an gunna ‘pedrero’ níos lú ón Juliana amach ó Thrá na Srithidí i gContae Shligigh. Bhí an Juliana ar cheann den trí árthach ón Armáid a raiceáladh ar an gcuid seo den chósta sa stoirm ar 21 Meán Fómhair 1588, áit a bhris siad suas agus a fuarthas corpáin 1,000 ball den chriú níos déanaí.

Bhí an gunna mór pedrero beag agus éadrom i gcomparáid leis an gceann eile. Bhí sé in ann caor chloiche mhór a scaoileadh agus níl aon amhras ach go raibh sé ina arm fíochmhar i gcóngar i dtroideanna idir longa.

Nuair a ardaíodh na gunnaí móra seo bhí siad tuilte go hiomlán le salann ón bhfarraige. Nuair a measctar salann le hocsaigin agus uisce san aer tarlaíonn creimeadh tapa i miotal dá bharr, mar sin caitheadh an salann a bhaint de sula bhféadfaí an gunna mór a thriomú. Rinneadh é seo trí na gunnaí móra a chur in umair fhíoruisce, agus iad ag athrú idir te agus fuar i dtreo is go leathnódh agus go gcrapadh an miotal chun an salann a bhrú amach. Níodh iad an dá uair dheireanach le huisce dí-ianaithe, lena chinntiú go mbeadh cion salainn na ngunnaí móra chomh íseal agus ab fhéidir.

Ansin triomaíodh na gunnaí móra go hiomlán agus bhíothas in ann tosú leis an obair mhionchúiseach den chreimeadh agus coincréitiú a ghlanadh; próiseas a thóg roinnt seachtainí. Caitheadh na sraitheanna salachair agus creimthe a bhaint go cúramach meicniúil le lámhuirlisí chun dromchlaí bunúsacha na ngunnaí móra fúthu a nochtadh. Ansin cuireadh bratú tanaí laicir orthu, agus bratú céarach ina dhiaidh chun na gunnaí móra a chosaint fad is a bhí siad ar taispeáint i nDún Uí Choileáin.



 
Dearadh Gréasáin le Arekibo