Éadaí agus Trealamh an Mhaoir-Mháinlia T.H. Parke

Rugadh Thomas Heazle Parke ag an gCoill Mhór, Co. Ros Comáin ar 27 Samhain, 1857. Deirtear gur fhreastail sé ar scoileanna áitiúla agus tá a fhios againn go bhfuair sé a chuid oideachais i mBaile Átha Cliath áit a bhfuair sé a chuid oiliúna míochaine agus a cháilíochtaí. Chláraigh sé ina liachleachtóir ar 1 Feabhra 1879. Chuaigh sé isteach san arm agus irisíodh é ina chaptaen-máinlia ar 5 Feabhra 1881. Chaith sé roinnt ama i seirbhís san Éigipt in 1882 agus 1883, d’fhill sé ar Éirinn ar feadh tréimhse gearr in 1883, sula ndeachaigh sé isteach i Sluaíocht na Níle d’fhaoiseamh an Ghinearáil Gordon i gCartúm in 1884. In 1887 bhronn sé a seirbhísí go deonach mar oifigeach míochaine ar Shluaíocht Faoisimh Emin, ar a raibh Henry Morton Stanley (1841 - 1904) ina cheannaire. Fuair Parke saoire gan phá ón arm le dul in éineacht le Stanley ar shluaíocht ach theip ar an sluaíocht ar deireadh (Lyons 1994).

Bhí ómós agus meas ag go leor daoine ar Parke de bharr na scileanna míochaine agus an chrógacht a léirigh sé san Afraic. In Aibreán 1888, bhí sé féin agus A.J. Jephson, ball eile den tsluaíocht, ar na chéad Eorpaigh a chonaic Sliabhraon Ruwenzori (Sléibhte cáiliúla na Gealaí, na montes lune de Ptolemy) agus bhí sé ar an gcéad fhear as Éireinn a chuaigh trasna ilchríoch na hAfraice.

Fuair sé bás ag aois a 36 bliana, agus chun aird a tharraingt ar an méid a bhain sé amach ina shaol gearr bunaíodh Ciste Cuimhneacháin agus cuireadh suas dealbh chré-umha ar Phlásóg Laighean i mBaile Átha Cliath mar thoradh. Nochtadh an dealbh ar 19 Nollaig 1896; roinnt blianta ina dhiaidh sin aistríodh í go dtí an suíomh ina bhfuil sí faoi láthair, lasmuigh d’Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra, Sráid Mhuirfean.

I 1920 fuair Ard-Mhúsaem na hÉireann tabhartas ón Uasal Florence Parke, deirfiúr T.H. Parke, agus is éard a bhí ann ná roinnt de na héadaí agus den trealamh a chaith agus a d’úsáid a deartháir ar Shluaíocht Faoisimh Emin. Tá na réada seo agus an chóireáil a fuair siad faoi chaibidil ag an bpáipéar gearr seo.

Déan an comhad PDF thíos a íoslódáil chun tuilleadh a léamh faoin tionscadal:

Surgeon-Major T.H. Parke ProjectIPCRA - Parke Unifrom.pdf (0.20 MB, Adobe PDF) 

Íoslódáil Adobe Acrobat ReaderLinks to external website
Beidh Adobe Acrobat Reader ag teastáil uait chun doiciméid PDF a oscailt agus a phriontáil. Cliceáil ar an deilbhín Adobe Reader chun an clár seo a íoslódáil saor in aisce.
 
Dearadh Gréasáin le Arekibo