Scoileanna & Coláistí

Faisnéis d’Oideoirí

Cathain ar chóir cuairt a thabhairt?

Ba mhaith linn a mholadh do mhúinteoirí a gcuid ranganna a thabhairt ar cuairt idir Meán Fómhair agus Aibreán nuair is féidir linn réimse níos leithne gníomhaíochtaí a chur ar fáil. Bíonn Bealtaine agus Meitheamh an-ghnóthach go traidisiúnta do thurais agus do chuairteanna scoile, agus is iondúil nach féidir ach turais de na gailearaithe a chur ar fáil le linn na tréimhse seo.

Ullmhú roimh ré

Beidh eispéireas foghlama i bhfad níos saibhre ag scoláirí a thugann cuairt ar an Músaem má dhéantar roinnt réamhoibre sa seomra ranga roimh an gcuairt. Molaimid do mhúinteoirí obair a dhéanamh roimh an gcuairt sa rang le cabhrú le daltaí tuiscint a fháil ar an méid a fheicfidh siad. D’fhéadfá cuairt a thabhairt ar an Músaem sula dtéann do ghrúpa ann nó d’fhéadfá leas a bhaint as an láithreán gréasáin seo.

Feabhsófar cumas foghlama na leanaí ar do chuairt má tá baint idir ábhar na cuairte agus obair a rinneadh sa seomra ranga.

Maoirseacht

Tá sé ina riail againn go mbeadh duine fásta amháin ann do gach 15 dalta. Ní mór do dhaoine fásta fanacht in éineacht lena ngrúpa an t-am go léir fad is atá siad sa Mhúsaem agus ar a thailte agus a bheith freagrach as iompar agus sábháilteacht an ghrúpa.

Tá sé mar aidhm againn cóimheas de threoraí amháin in aghaidh gach 15 dhalta bunscoile agus iarbhunscoile íochtair, treoraí amháin in aghaidh gach 25 dhalta iarbhunscoile uachtair, treoraí amháin in aghaidh gach deichniúr a bhfuil riachtanais speisialta acu agus treoraí amháin in aghaidh gach 25 duine fásta a bhaint amach.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thuras a eagrú agus a chur in áirithe, féach an rannóg áirithinte.

Páirceáil

Páirceáil faoi mhaoirseacht saor in aisce do chóistí/charranna.

Slándáil

Ós rud é nach bhfuil ach méid teoranta saoráidí seomra cótaí ar fáil, ba chóir do leanaí an méid is lú bagáiste agus is féidir a thabhairt leo isteach i bhfoirgnimh an Mhúsaeim. Ba chóir do chuairteoirí sparáin agus nithe luachmhara eile a choinneáil leo le linn na cuairte.

Saoráidí Lóin

Tá an caifé agus an seomra lóin araon ar fáil; luaigh an tsaoráid seo nuair atá do chuairt á cur in áirithe agat.

Conas cuairt a chur in áirithe

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thuras a chur in áirithe, féach an rannóg áirithinte.


 
Dearadh Gréasáin le Arekibo