Dara Leibhéal
An Ardteistiméireacht Fheidhmeach, Gairmchlár na hArdteistiméireachta agus Ógtheagmháil
Tá daoine óga ag tabhairt faoina gcuid staidéir trí réimse bealaí éagsúla anois, agus is féidir le seirbhís oideachais an Mhúsaeim cabhrú le tacaíocht a chur ar fáil agus cur le foghlaim trí réimse leathan clár atá curtha in oiriúint do gach aoisghrúpa agus gach leibhéal cumais.
Turais agus Seisiúin sa Ghailearaí
Chomh maith leis na gníomhaíochtaí seo a leanas, tá Boscaí Gníomhaíochta ann, a thugann deis do rannpháirtithe fáil amach faoi ghailearaithe an Mhúsaeim trí réada a láimhseáil.
Mura luaitear a mhalairt, is 15 dhuine an t-uaslíon do na grúpaí agus mairfidh na gníomhaíochtaí ar feadh 45 nóiméad.