An Dara Leibhéal

Ag an dara leibhéal, tá turais agus gníomhaíochtaí dírithe ar riachtanais shraith an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta. I measc na réimsí ábhar ábhartha tá:

  • Stair
  • Béarla
  • Tíreolaíocht
  • Eolaíocht
  • Ealaín
  • Gaeilge
  • Ceol
  • Eacnamaíocht Bhaile

An Ardteistiméireacht Fheidhmeach, Gairmchlár na hArdteistiméireachta agus Ógtheagmháil

Tá daoine óga ag tabhairt faoina gcuid staidéir trí réimse bealaí éagsúla anois, agus is féidir le seirbhís Oideachais an Mhúsaeim cabhrú le tacaíocht a chur ar fáil agus cur leis an bhfoghlaim trí réimse leathan cláir atá curtha in oiriúint do gach aoisghrúpa agus gach leibhéal cumais.

Cathain ar chóir cuairt a thabhairt i gcomhair gníomhaíochtaí?

Ba mhaith linn múinteoirí a spreagadh chun a ranganna a thabhairt ar cuairt idir Meán Fómhair agus Aibreán nuair is féidir linn réimse níos leithne gníomhaíochtaí a chur ar fáil. Bíonn Bealtaine agus Meitheamh an-ghnóthach go traidisiúnta do thurais agus cuairteanna scoile, agus is iondúil nach féidir ach turais a chur ar fáil le linn na tréimhse seo.

Clár Gníomhaíochtaí Scoileanna

Gach scoilbhliain cuireann an rannóg Oideachais clár cuimsitheach ar fáil do scoileanna ag cur síos ar na gníomhaíochtaí atá sceidealta don scoilbhliain. Tá an clár ar fáil tríd an Oifig Áirithintí nó sa phost trí sheirbhís liosta seoltaí saor in aisce an Mhúsaeim.

Is féidir réimse leathan turais agus gníomhaíochtaí a chur in áirithint roimh ré, taobh amuigh den chlár sceidealta. Tá gach turas agus gníomhaíocht ag brath ar fáil a bheith orthu.


 
Dearadh Gréasáin le Arekibo