Tairiscintí
Is ‘údarás conarthachta’ é Ard-Mhúsaem na hÉireann, a dtugtar sainmhíniú air faoi Threoracha AE mar chomhlacht atá rialaithe ag an dlí poiblí. Mar údarás conarthachta, tá soláthar Ard-Mhúsaem na hÉireann rialaithe ag Treoir um sholáthar poiblí 2004/18/CE an 31 Márta 2004 ón AE, arna thrasuíomh go dlí na hÉireann le IR329 an 20 Meitheamh 2006.
Clúdaíonn Beartas Soláthair Ard-Mhúsaem na hÉireann caiteachas uile an Mhúsaeim, ach amháin réada oidhreachta, stoc do na hionaid mhiondíola, costais a bhaineann le párolla agus gné shuntasach den chaiteachas taistil agus cothabhála. Clúdaítear déantáin a fháil faoi bheartas fála agus diúscartha ar leith.
Is é cuspóir Bheartas Soláthair Ard-Mhúsaem na hÉireann ná deimhin a dhéanamh de go gcloíonn an Músaem go hiomlán le:
- Treoracha Soláthair an AE agus Rialacháin na hÉireann
- Treoracha um Sholáthar Poiblí 2004 - ‘Próiseas Iomaíoch’, a d’eisigh an Roinn Airgeadais
- Cód Cleachtais um Rialú Comhlachtaí Stáit 2001, a d’eisigh an Roinn Airgeadais
- Dea-chleachtas maidir le soláthar go ginearálta
De réir ár nósanna imeachta inmheánacha agus na dtairseach Eorpach, fógróidh an Músaem a dheiseanna soláthair mar seo a leanas:
Soláthairtí / Seirbhísí
- Féadfar Conradh do Sheirbhísí faoi bhun €50,000 a fhógairt, ó am go ham, ar láithreán gréasáin an Mhúsaeim, ag bun an leathanaigh seo
- Idir €50,000 agus €206,000: r-thairiscintí

- Os cionn €206,000: OJEU
agus r-thairiscintí
Oibreacha
Is é beartas an Mhúsaeim úsáid a bhaint as seirbhísí OOP
le haghaidh na gconarthaí oibreacha go léir.