An Parlús

Tá troscán agus maisiú an tseomra seo cosúil leis an gcaoi a bhreathnódh sé timpeall 1900. Is iondúil nuair a bhíonn teaghlaigh ag maireachtáil i dteach ar feadh tréimhse fada go mbailíonn siad éagsúlacht troscáin ó thréimhsí éagsúla agus i stíleanna éagsúla. Tagann an troscán anseo ó bhailiúcháin Na hEalaíona Maisiúla agus Stair an Mhúsaeim. I measc na nithe suntasacha tá Pianó Lyrachord, an t-aon cheann dá chineál ar domhan. Oibríonn an taobh clé ar nós pianó agus an taobh deis ar nós cruitchláir. Tá foireann boird ann freisin le hinleagadh cláirsí agus seamróige a bheadh coitianta ar throscán Chill Airne, chomh maith le cathaoir uilleach maisithe ó Mhainéar Áth Dara, Co. Luimnigh ó 1850.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo