Tríú Leibhéal
Is acmhainn luachmhar é bailiúchán Shaol na Tuaithe agus na taispeántais ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe do léachtóirí agus scoláirí agus cuireann an rannóg Oideachais réimse leathan seirbhísí ar fáil atá feiliúnach do staidéar tríú leibhéal.
I measc na réimsí ábhar ábhartha tá:
- Stair
- Tíreolaíocht
- Ealaín & Ceardaíocht
- Ailtireacht
- Staidéar Oidhreachta
- Staidéar ar Mhúsaeim
- Dearadh
- Seandálaíocht
- Antraipeolaíocht
- Saol na Tuaithe/Béaloideas
Is féidir réimse leathan turais agus gníomhaíochtaí a chur in áirithint dod’ ghrúpa. Tá gach turas agus gníomhaíocht ag brath ar fáil a bheith orthu. Chomh maith leis na seirbhísí seo, cuireann clár sceidealta na Féilire Imeachtaí deis ar fáil do dhaoine aonair nó do ghrúpaí beaga páirt a ghlacadh i léachtaí, cainteanna, ceardlanna, léirithe, taibhléirithe agus i gcúrsaí ealaíne agus ceardaíochta a d’fhéadfadh dearcadh difriúil a chur ar fáil i gcomhair obair chúrsa.
Is féidir réimse léachtaí agus cainteanna ar réimsí sainábhair, arna n-éascú ag Foireann choimeádaithe agus lucht gairme eile de chuid an Mhúsaeim, a chur in áirithint roimh ré.