Naisc maidir le Caomhnú
IIC
Cuireann an International Institute for the Conservation of Historic and Artistic Works an t-eolas, na modhanna agus na caighdeáin chun cinn atá ag teastáil chun saothair stairiúla agus ealaíne ar fud an domhain a chosaint agus a chaomhnú. Stiúrann sé clár rialta foilseachán agus comhdhálacha chomh maith.
ICOM-CC
Tá ICOM-CC ar an gceann is mó de Choistí Idirnáisiúnta ICOM (International Council of Museums) le breis agus 1,600 ball ar fud an domhain ó gach brainse den mhúsaem agus gach gairm chaomhnaithe.
ICCROM
Is eagraíocht idir-rialtasach é ICCROM atá tiomanta do chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha. Tá sé ann le freastal ar an bpobal idirnáisiúnta arna ionadú ag a Bhallstáit, a bhfuil breis agus 125 díobh ann faoi láthair.
IPCRA
The Irish Professional Conservators and Restorers Association. Foilsíonn an eagraíocht nuachtlitreacha rialta agus tá sonraí teagmhála caomhnóirí/athchóiritheoirí a oibríonn in Éirinn le fáil ar an láithreán gréasáin.
ICHAWI
An Institiúid um Chaomhnú Saothar Stairiúil agus Ealaíonta in Éirinn. Eagraíocht bheag atá dírithe go príomha ar chaomhnú a chur chun cinn in Éirinn agus caighdeáin ghairmiúla a bhunú. Eagraíonn ICHAWI roinnt cúrsaí gearra maidir le caomhnú. Caithfear creidiúnú a fháil ón eagraíocht le bheith i do bhall.
An Chomhairle Oidhreachta
Eagraíocht a bhfuil tionchar mór aici maidir le cúrsaí caomhnaithe in Éirinn. Eagraíonn sí intéirneachtaí caomhnaithe i roinnt eagraíochtaí móra éagsúla.
ICON
Is é ICON an príomhghuth ar son caomhnú na hoidhreachta cultúrtha sa RA. I measc a mball tá baill den phobal caomhnaithe níos leithne, ní hamháin go bhfuil caomhnóirí gairmiúla sna disciplíní uile ina mball, ach tá daoine eile freisin atá tiomanta chomh maith do thuiscint níos fearr a fháil ar an oidhreacht chultúrtha agus rochtain níos fearr uirthi a fhorbairt.
An Clár Caomhnaithe
Tá faisnéis mhionsonraithe ar chleachtais caomhnaithe agus athchóirithe ar fud an RA agus na hÉireann le fáil ar an gClár Caomhnaithe. Cuireann an Institiúid um Chaomhnú an tseirbhís seo ar fáil le cabhrú leat faisnéis a fháil faoi chaomhnóirí/athchóiritheoirí creidiúnaithe.