Naisc Úsáideacha
Animal Diversity Web
Bunaithe i University of Michigan, tugann an láithreán gréasáin seo faisnéis mhionsonraithe ar ghrúpaí ainmhithe agus ar mhórán speiceas. Tugtar faisnéis ar thacsanomaíocht, ar chaomhnú agus stair an dúlra ann chomh maith.
Enchanted Learning
Is féidir le múinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí leas a bhaint as an láithreán gréasáin seo chun faisnéis a fháil faoi ainmhithe, faoi ghnáthóga agus fiú chun smaointí ealaíne agus ceardaíochta a fhorbairt.
Zú Bhaile Átha Cliath
Tá an ‘Zú Marbh’ tugtha ag muintir Bhaile Átha Cliath ar Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra le fada an lá, ach má theastaíonn uait ainmhithe beo a fheiceáil tabhair cuairt ar Zú Bhaile Átha Cliath.
Natural History Museum – Londain
Ní hamháin go dtugann an láithreán gréasáin seo faisnéis ar na bailiúcháin náisiúnta ar stair an dúlra sa Ríocht Aontaithe, ach pléitear bithéagsúlacht, oideachas agus mórán eile air chomh maith.
Músaem Uladh
Músaem náisiúnta eile is ea Músaem Uladh, ina bhfuil bailiúcháin staire, ealaíne, eitneagrafaíochta agus stair an dúlra ach beidh sé dúnta go dtí 2009 le haghaidh athchóirithe.
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
Tá sé de dhualgas ar an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra gnáthóga agus speiceas Éireannacha a chosaint agus tugann a láithreán gréasáin faisnéis ar cheantair faoi chosaint agus ar bhithéagsúlacht na hÉireann.
Irish Naturalist’s Journal
Is foilseachán eolaíochta é an Irish Naturalist’s Journal a dhéanann doiciméadú ar zó-eolaíocht, luibheolaíocht agus ar gheolaíocht na hÉireann.