Naisc Úsáideacha
An Taisce
An Taisce, Halla an Táilliúra, An Lána Cúil, Baile Átha Cliath 8.
Badgerwatch Ireland
Eagraíocht neamhbhrabúis atá tiomanta do bhroic agus atá páirteach go gníomhach i gcaomhnú na mbroc, in oibriú ar son leas na mbroc agus i bhfairtheoireacht broc.
Birds of Ireland
Seirbhís Nuachta faoi Éin na hÉireann.
Cairde Éanlaithe Éireann
An eagraíocht chaomhnaithe dheonach is mó agus is gníomhaí in Éirinn, arb é a príomhleas éin fhiáine agus a ngnáthóga in Éirinn a chaomhnú.
Butterfly Conservation
Eagraíocht neamhbhrabúis atá tiomanta d’fhéileacáin, fhéileacáin oíche agus a ngnáthóga a shábháil.
Bat Conservation Ireland
Eagraíocht atá tiomanta d’ialtóga a chaomhnú.
Coastwatch Europe Network
I measc na n-aidhmeanna atá acu tá cosaint agus úsáid inmharthana as ár n-acmhainní cósta agus rannpháirtíocht eolasach an phobail i bpleanáil agus i mbainistiú an chomhshaoil.
Conservation Volunteers (Éire)
Tugann siad deiseanna praiticiúla do ghrúpaí agus do dhaoine aonair ár n-oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha a chosaint agus a fheabhsú trí thionscadail, chúrsaí oiliúna agus oideachas.
Conservation Volunteers (TÉ)
Cuireann siad deiseanna caomhnaithe praiticiúla ar fáil in oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha Thuaisceart Éireann.
Crann Eagraíocht Neamhrialtasach
Bunaíodh Crann i 1986 chun clúdach na gcrann leathanduilleach in Éirinn a mhéadú agus chun acmhainní leathanduilleacha na hÉireann a chur chun cinn agus a fhorbairt.
Irish Deer Society
Frank Brophy, Cathaoirleach.
Cairde na Cruinne Éire
Tá ról cuiditheach acu i mbrústocaireacht agus i ndul i mbun feachtais idirnáisiúnta ar shaincheisteanna sóisialta agus comhshaoil práinneacha.
ENFO
Seirbhís faisnéise poiblí na hÉireann ar chúrsaí comhshaoil.
Forest Friends Ireland – Cairde na Coille
Carthanas a bhfuil sé d’aidhm aici ár gcoillearnacha dúchasacha a chaomhnú agus a chinntiú go ndéantar crainn dhúchasacha a chur níos túisce ná monashaothruithe de chrainn andúchasacha.
Friends of the Irish Environment
Líonra arna chruthú ag caomhantóirí in Éirinn d’fhonn monatóireacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú iomlán an dlí comhshaoil Eorpaigh, le hoibriú ar son athruithe i ndlíthe pleanála na hÉireann, agus chun leanúint ar ábhair imní agus ar chásanna sa timpeallacht nádúrtha agus sa timpeallacht thógtha araon bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le forbairt phobail inmharthana.
Genetic Heritage Ireland
Carthanas cláraithe a dhéanann iarracht acmhainní géiniteacha nádúrtha na hÉireann a chaomhnú.
Groundwork
Campaí oibre ag díriú ar Ródaideandrón a ghlanadh sna Páirceanna Náisiúnta i gCill Airne agus i nGleann Bheatha.
An Chomhairle Oidhreachta 
Oibríonn sí chun saibhreas, cáilíocht agus éagsúlacht ár n-oidhreacht náisiúnta a chosaint agus a fheabhsú ar mhaithe le gach duine.
Comhairle Caomhnaithe Phortaigh na hÉireann
Tá sé d’aidhm aici sampla ionadaíoch de phortaigh agus de thailte portaigh Éireannacha atá slán agus beo a chaomhnú chun tairbhe mhuintir na hÉireann, agus chun éagsúlacht an fhiadhúlra a chosaint.
Tearmann Rónta na hÉireann
Áis athshlánaithe, tarrthála agus ospidéal fiadhúlra lánaimseartha na hÉireann.
Cumann Lucht Sábhála Shíolta na hÉireann
Eagraíocht a bhfuil baint aici le cineálacha traidisiúnta torthaí agus glasraí a aimsiú agus a chaomhnú.
An Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna
Eagraíocht uile-Éireann atá tiomanta do chéiticigh (míolta móra agus deilfeanna) in uiscí Éireannacha a chaomhnú agus tuiscint níos fearr a fháil orthu, trí staidéar, oideachas agus léirmhíniú. Tá rochtain ag an bpobal ar bhunachar sonraí IWDG maidir le líon na míolta móra agus na ndeilfeanna a fheictear trína láithreán gréasáin.
Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann
Tá sé d’aidhm aige fiadhúlra agus gnáthóga na hÉireann a chaomhnú trí stocaireacht, oideachas agus trí chaomhnú praiticiúil.
Ionad Oideachais Náisiúnta don Oideachas Comhshaoil (NEEC)
Anaclann Náisiúnta Dúlra Choill Chnoc Sinche
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
An Roinn Comhshaoil
An Taisce, Tuaisceart Éireann
Carthanas cláraithe a bhainistíonn an taobh tuaithe chun tairbhe an flóra agus an fána.
Native Woodland Trust Group
Pléann siad le coillearnacha leathnádúrtha agus ársa na hÉireann atá fós ann a chosaint, a chaomhnú agus a shíneadh.
Comhairle Crann na hÉireann
Brateagraíocht na hÉireann a nascann le chéile gach gníomhaireacht stáit, comhlacht corparáideach agus grúpa comhshaoil a bhfuil baint acu le crainn agus leas na gcrann.
RSPB
Oibríonn an Royal Society for the Protection of Birds chun bithéagsúlacht a chaomhnú, éin fhiáine agus a ngnáthóga go háirithe.
Iontaobhas Fiadhúlra Uladh
Oibríonn siad chun gnáthóga nádúrtha Thuaisceart Éireann a chaomhnú trí thuiscint níos leithne ar shaincheisteanna fiadhúlra a chur chun cinn trí chumarsáid, oideachas agus oiliúint agus trí speiceas agus ghnáthóga a chosaint, na cinn coitianta agus tearca araon, agus trí 26 anaclann dúlra a bhainistiú.
The Vincent Wildlife Trust 
Carthanas a bhfuil baint aige le taighde agus caomhnú an fhiadhúlra ó 1975.
Wildfowl & Wetlands Trust Tuaisceart Éireann 
Is é misean WWT ná bogaigh agus a mbithéagsúlacht a chaomhnú.
WWF Tuaisceart Éireann 
Is é a misean ná stop a chur le díghrádú timpeallacht nádúrtha na cruinne agus todhchaí a fhorbairt ina mbeidh daoine in ann maireachtáil go sítheach leis an dúlra.
Tionscadal Caomhnaithe ‘Woodlands of Ireland’
Cruthú agus bainistíocht chuí coillearnacha dúchasacha a spreagadh.
The Woodland Trust Conservation
Carthanas atá tiomanta ár n-oidhreacht choillearnaí dhúchasach a chosaint agus a fheabhsú.
Voice of Irish Concern for the Environment (VOICE)
Eagraíocht chomhshaoil neamhspleách atá tiomanta do réitigh dhearfacha a chur chun cinn maidir le gníomhaíochtaí a dhéanann dochar don chomhshaol.
Leas Ainmhithe
Comhbhá le Feirmeoireacht ar Fud an Domhain
Tearmann na nAsal
Tá sé d’aidhm aige cosc a chur ar fhulaingt asal trí chomhairle, oiliúint agus thacaíocht atá gairmiúil agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Tugtar tearmann buan d’asal ar bith a bhfuil sé de dhíth orthu.
Cumann Bhaile Átha Cliath um Fhóirithint ar Ainmhithe (DSPCA)
An eagraíocht leas ainmhithe is mó in Éirinn. Carthanas cláraithe a bunaíodh in 1840.
The Irish Blue Cross
Tá an eagraíocht seo ann le 100 bliain agus tá otharcharr capall aice, chomh maith le clinicí tréidliachta soghluaiste d’ainmhithe beaga ar fud limistéar Bhaile Átha Cliath.
Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe
Is í aidhm an ISPCA ná cosc a chur le fóirithint ar ainmhithe, leas ainmhithe a chur chun cinn agus fulaingt ainmhithe a mhaolú.
Tearmann do Mhoncaithe
An t-aon tearmann in Éirinn do mhoncaithe gan iarraidh.
TACT Wildlife Centre Talnotry Avian Care Trust
Carthanas deonach a thugann aire do speiceas éan agus mamach.