Ionad ar Cíos
Imeacht a Mhairfidh i gCuimhne na nDaoine...
Teastaíonn suíomh mórthaibhseach i gcomhair imeachtaí tábhachtacha, agus ní mórán áit atá chomh galánta le hArd-Mhúsaem na hÉireann.
Tá dhá ionad faoi leith le fáil ar cíos ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, atá báite sa stair, i gcomhair imeachtaí corparáideacha. Tá spásanna galánta agus neamhghnách ag Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin agus Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh atá le fáil ar cíos i gcomhair imeachtaí corparáideacha cosúil le seimineáir, comhdhálacha, fáiltithe, cruinnithe, preasagallaimh, féastaí, seoltaí táirge agus mar sin de.