Tabhair Cuairt Orainn

An Taobh Amuigh de Stair an Dúlra

Tá obair caomhnaithe tar éis feabhas a chuir ar rochtain do chuairteoirí agus tar éis deiseanna nua foghlama a sholáthair. Níor déanadh aon athrú ar troscain nó ar an stíl taispeántais atá ag an Músaem. Lena n-áirítear leis na taispeántais is fearr ná cnámharlach fia ollmhór atá 11,000 bliana d'aois, Spoticus an sioráf agus cnámharlach míolta móra crochta ón síleáil.

Tá taispeántais ainmhíthe na hÉireann ar fáil ar an mbunurlár agus tá taispeántais mamaigh domhanda ar fáil ar an chead urlár. Gabhann muid ár leithscéala libh nach bhfuil teacht ar na leibhéil eile faoi lathair. Beidh maoniú de dhíth i gcóir pleananna chaomhnaithe agus rochtaine a díreoidh ar fhadhbanna a bhaineann le bealaí éalaithe ar na leibheil eile.

Tá fáilte roimh chuairteoirí taighde i gcónaí cuairt a thabhairt ar na bailiúcháin sa stór. Spreagtar go gníomhach eolaithe, ealaíontóirí agus staraithe, i measc eile, dul i dteagmháil leis an bhfoireann chun rochtain a fháil. Féach ar ár rannóg maidir le Seirbhísí Taighde chun tuilleadh eolais a fháil.


 
Dearadh Gréasáin le Arekibo