Liosta na dTaispeántas

Fia mór na hÉireann
Tá an foirgneamh seo dúnta
mar chuid de mhórthionscadal athchóirithe. Tá na taispeántais go léir dúnta fad is atá an fhoireann ag ullmhú chun 10,000 eiseamal a thógáil amach as an bhfoirgneamh chomh maith le breis agus milliún díobh atá as radharc sa stór. Ligeann na codanna seo a leanas duit féachaint ar na taispeántais mar a bhí siad nuair a dúnadh an foirgneamh. Beidh na taispeántais atá le teacht an-chosúil leis na cinn seo. Coimeádfar an taobh istigh den mhúsaem agus leagan amach na dtaispeántán mar an gcéanna san fhoirgneamh athchóirithe.

Níl mórán athruithe tagtha ar ár dtaispeántais le céad bliain anuas. Bhí urlár na talún tiomnaithe d’ainmhithe na hÉireann, bhí cnámharlaigh fhianna móra agus mamaigh, éin agus iasc le feiceáil ann. Bhí urláir uachtair an fhoirgnimh leagtha amach sa 19ú haois i socrú eolaíochta ag taispeáint na n-ainmhithe de réir an ghrúpa tacsanomaíoch. Léirigh an scéim seo an éagsúlacht i saol na n-ainmhithe i seicheamh éabhlóideach.

 
Dearadh Gréasáin le Arekibo