Baile / Eolas Fúinn / Eolas Foirne / An Coiste Bainistíochta / Maidir leis an Stiúrthóir

Maidir leis an Stiúrthóir

Léigh faoi chúlra agus gairm Stiúrthóir an Mhúsaeim, Raghnall Ó Floinn, a ceapadh sa bhliain 2013.


Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna an Stíurthóra:

Riarachán agus gnó an Mhúsaeim a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne agus feidhmeanna eile a dhéanamh mar a chinnfidh Bord an Mhúsaeim.

Cúlra & Gairm

Thosaigh Raghnall Ó Floinn sa Mhúsaem sa bhliain 1976 mar Choimeádaí Cúnta i Rannóg Sheaniarsmaí na hÉireann. Sa bhliain 2003 ceapadh é sa phost bainistíochta sinsearaí mar Cheann na mBailiúchán. Sa ról sin bhí freagracht fhoriomlán aige as cúram agus forbairt ar bhailiúcháin cháiliúla i stair an dúlra, saol tíre, ealaíona maisiúla agus stair, agus seaniarsmaí chomh maith le caomhnú na mbailiúchán, doiciméadú agus taighde. Mar an gcéad shealbhóir ar an bpost nua, bhí sé ina cheannródaí ar an bhforbairt ar bheartais agus nósanna imeachta ar fud an mhúsaeim i dtaca leis na gnéithe uile de chúram bailiúchán. 

Is céimí é de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le céim MA sa tSeandálaíocht Cheilteach agus toghadh é ina chomhalta ar Chumann Ársaitheoirí Londan sa bhliain 1996 agus ina bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 2005. Toghadh é mar Ollamh Taca i Scoil na Seandálaíochta, Coláiste na hOllscoile, BÁC. Tá sé ina Leas-Chathaoirleach ar Chumann Seandalaíochta na Meánaoise, Londain agus ina Chathaoirleach ar Chomhairle na bhForais Chultúir Náisiúnta.

Bhí sé ina bhall de Ghrúpa Comhairleach um Chlár Caighdeán do Mhúsaeim de chuid na Comhairle Oidhreachta agus ina bhall den bhord comhairleach d'Imleabhar 1 de thionscadal Acadamh Ríoga na hÉireann um Ealaín & Ailtireacht na hÉireann.

Baineann a spéiseanna taighde go príomha le ré na meánaoise, le fócas ar leith ar chumhdaigh agus cultas na dtaisí; miotalóireacht mhaisithe; seandálaíocht na hEaglaise in Éirinn na meánaoise luaithe, ársaitheoirí agus stair bailiúchán.

Foilseacháin

Tá léachtaí tugtha aige go forleathan agus is é an t-údar ar iliomad páipéar agus an comheagarthóir ar roinnt leabhar, lena n-áirítear Ireland and Scandinavia in the Early Viking Age (1998) agus Treasures of the National Museum of Ireland – Irish Antiquities (2002). Foilsíodh monagraf comhúdaraithe dar teideal Graves and Grave-Goods mar chuid den tsraith Dublin Excavations de chuid an Mhúsaeim sa bhliain 2015.