Ann Daly

Léigh an phróifíl foirne do Anne Daly, Ceann Margaíochta


Tháinig Ann Daly chuig an Músaem in 2002. Mar Cheann Margaíochta tá sí freagrach as bainistiú agus cur i bhfeidhm na straitéisí agus pleananna margaíochta do cheithre láithreán uile Ard-Mhúsaem na hÉireann; an pacáiste cumarsáide don phobal i gcoitinne agus do na meáin; agus bainistiú ar oibríochtaí tráchtála an Mhúsaeim lena n-áirítear Miondíol, Lónadóireacht agus Seirbhísí Corparáideacha.

Cáilíochtaí

I measc na gcáilíochtaí atá aici tá Dioplóma Iarchéime i Margaíocht; Dioplóma i gCaidreamh Poiblí; agus Dioplóma i gCaidreamh Tionsclaíoch. D’oibrigh sí le Diageo (Guinness Ireland Group Ltd. roimhe seo) sular ceapadh í sa Mhúsaem agus bhí roinnt post margaíochta sinsearacha aici i mBainistíocht Margaíochta agus Bainistíocht Margaíochta Straitéisí.

Tá sí mar bhall d’Institiúid Mhargaíochta na hÉireann agus d’Institiúid na hÉireann um Chaidreamh Poiblí, agus tá sí gníomhach ar an bhFochoiste Cumarsáide de Chomhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath.