Anthony Read

Léigh an phróifíl foirne do Anthony Read, Ceann an Chaomhnaithe


Tháinig Anthony Read chuig an Músaem i 1997. Mar Cheann ar an Rannóg Caomhnaithe, bhí freagracht air as caomhnú na mbailiúchán sna suíomhanna Músaeim uile. I mí na Samhna 2015 ceapadh é ina Cheann ar Bhailiúcháin agus Foghlaim.

Cúlra & Gairm

D’oibrigh sé roimhe seo mar Chaomhnóir Seaniarsmaí le Seirbhís Ealaíon agus Taifead in Leicestershire Museum. 

Cáilíochtaí

I measc na gcáilíochtaí atá aige tá:

  • BSc (Caomhnú Seandálaíochta)
  • Dioplóma Iarchéime (Staidéir Mhúsaem)
  • MA i gCaomhnú Seandálaíochta

Le linn a chuid oibre in Ard-Mhúsaem na hÉireann, tá suim ar leith forbartha aige i bhfríotha seandálaíochta neamhghnácha a tháinig ó phortaigh na hÉireann agus sna hairíonna caomhnaithe dochreidte a bhaineann leo.

Foilseacháin

I measc na bhfoilseachán atá aige tá: 'Update on the Conservation of the Faddan More Psalter' (le John Gillis) ICON News Iúil 2007; 'The Conservation of the Tumbeagh bog body' in The Bog Body from Tumbeagh ed. Nora Bermingham agus Maire Delaney, 2006.