Gregory Kelly

Léigh an phróifíl foirne do Gregory Kelly, Bainisteoir Áiseanna


Tháing Gregory Kelly chuig an Músaem in 1998 mar Bhainisteoir Áiseanna. Tá sé freagrach as na Seirbhísí Bainistíochta Áiseanna uile a sholáthar ar fud an Mhúsaeim.

Is iad seo a leanas roinnt dá phríomhdhualgais: slándáil, sláinte agus sábháilteacht, cumarsáid, fóntais, bainistíocht conarthaí, iompar, bainistíocht tionscadal, sábháilteacht dóiteáin, stóráil na mbailiúchán, seirbhísí fáilteachais, agus caomhnú fuinnimh.

Mar oifigeach foirgneamh, i gcomhairle le hOifig na nOibreacha Poiblí, tá clár foirgneamh agus cothabhála cuimsitheach curtha i bhfeidhm aige chun an rochtain shábháilte a mhéadú ar fud shuíomhanna uile an Mhúsaeim.

Cúlra & Gairm Bheatha

Sular tháinig sé chuig an Músaem bhí sé mar oifigeach in Óglaigh na hÉireann, áit ar bhain sé amach an chéim mar Chaptaen agus rinne sé seirbhís ar Oibríochtaí Síocháiníochta na Náisiún Aontaithe sa Mheánoirthear ar thrí ócáid ar leith.

Cáilíochtaí

Chomh maith lena ghairm bheatha Mhíleata, cúrsaí i gcúrsaí ceannaireachta agus bainistíochta, tá cáilíochtaí tríú leibhéal aige in Acmhainní Daonna, Bainistíocht Slándála, agus Dioplóma Gnó i mBainistíocht Áiseanna.