Lorraine Comer

Léigh an phróifíl foirne do Lorraine Comer, Ceann Oideachais


Thosaigh Lorraine Comer in Ard-Mhúsaem na hÉireann mar Cheann Oideachais in 2008. Tá sí freagrach as an Rannóg Oideachais a threorú agus a bhainistiú do na ceithre shuíomh uile d'Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Cáilíochtaí

Tá céim Baitsiléara Ealaíon sa Stair agus sa Bhéarla; Ardteastas san Oideachas agus Céim Mháistir le honóracha i Staidéar Drámaíochta Nua-aoisí ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath.

Cúlra & Gairm Bheatha

Mar dhuine a cheapann beartais, mar oideoir, taighdeoir agus bainisteoir, d'oibrigh Lorraine i suíomhanna oideachais agus cultúrtha éagsúla ag leibhéil áitiúla agus náisiúnta. Sular thosaigh sí sa Mhúsaem bhí sí mar an Saineolaí Oideachais le Comhairle Ealaíon na hÉireann, inar chuir sí comhairle faoi bheartais agus cleachtais um chúrsaí ealaíon i gcúrsaí oideachais.

Mar an tOifigeach Ealaíon Údaráis Áitiúil le Comhairle Contae Loch Garman, d'fhorbair sí Straitéis Ealaíon Chomhairle Contae Loch Garman agus chuir sí tús le seirbhísí agus cláir chultúrtha a chlúdaigh réimse disciplíní ealaíon do lucht féachana níos leithne.

Mar an Comhordaitheoir Imeachtaí agus Bolscaireachta le Comhairle Brend i Londain, thosaigh agus d'fhorbair Lorraine cláir fhoghlama a bhí uileghabhálach agus éagsúil ó thaobh cultúir de leis an dá leabharlann déag phoiblí de Chomhairle Brent agus le Músaem Brent.

Mar oideoir, mhúin sí Stair agus Béarla ag Pobalscoil Chill an Ardáin agus Pobalscoil Bhaile an Bhlácaigh i mBaile Átha Cliath. Bhí Lorraine mar chomhbhunaitheoir de ‘After Hours Theatre Company’ freisin agus léirigh sí roinnt de na léirithe den chompántas agus bhí sí ag aisteoireacht i roinnt díobh.

I rith a gairme, rinne Lorraine taighde ar fhorbairtí, teoiricí agus múnlaí nua sa réimse oideachais ealaíon agus chultúrtha. Bhí sí ar roinnt coistí agus boird chomhairleacha freisin.