Olivier Kazmierczak

Léigh an phróifíl foirne do Olivier Kazmierczak, Ceann na gCóras Faisnéise Digití


Thánig Olivier Kazmierczak isteach sa Mhúsaem i 2007. Tá sé freagrach as maoirseacht ar straitéis, buiséad, foireann, infreastruchtúr, bainistíocht athruithe agus tionscadail forbartha, bainistíocht díoltóirí agus oibriúcháin do chórais teileachumarsáide agus faisnéise an Mhúsaeim, lena n-áirítear a shuíomh gréasáin. Tá sé freagrach freisin as maoirseacht ar fhorbairt agus caighdeáin do léirithe idirghníomhacha, treoracha fuaime agus léirithe físe do ghailearaithe an Mhúsaeim.

Cúlra & Gairm

Tá breis agus 24 bliain de thaithí ghairmiúil ag Olivier. Sular tháinig se chuig an Músaem, d'oibrigh sé le EMC Captiva bogearraí fiontraíochta sa digitiú, bainistiu ionchuir agus córais bainistíochta inneachair fiontraíochta) sa Fhrainc agus, in Éirinn, mar stiúrthóir láithreáin ar ionad Taighde agus Forbartha agus gníomhaireacht seirbhísí gairmiúla, agus mar stiúrthóir cáilíochta ar chlár feabhsaithe poróisis domhanda..
 
Bhí taithí aige roimhe ar bhainistíocht tionscadail, suímh agus eolaíochta le Foras na Mara, agus comhairleoireacht in aistriú teicneolaíochta, bainistíocht athraithe, bainistíocht eolais, bainistíocht inneachar gréasáin agus fiontair agus forbairt bhogearraí oiriúnaithe, chomh maith le grianghrafadóireacht, eagarthóireacht físe agus léiriú ilmheán.
 

Cáilíochtaí

Tá MBA le gradam/céad onóracha, Máistreacht ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (MSc. – Bainistíocht ar Chórais Faisnéise), agus "Diplôme d’Ingénieur" (Máistreacht na Fraince san Innealtóireacht - Fisic Fheidhmeach agus Innealtóireacht Núicléach).

Áiríonn a oiliúint ghairmiúil dea-chleachtas agus modheolaíochtaí i mbainistiú agus feabhsú próisis (Lean, 6Sigma, ISO 9000, CMMI, ITIL) agus i mbainistiú tionscadail(Prince2), Scrum).

Faoi láthair tá Olivier ina chomhalta boird de Bhord Reachtúil Ard-Mhúsaem na hÉireann.