Baile / Na hEalaíona Maisiúla agus Stair / Taispeántais / Taispeántais Reatha / Ceardaíocht Éireannach na 21ú hAoise

Ceardaíocht Éireannach na 21ú hAoise

Léiríonn an taispeántas seo samplaí de scoth na hÉireann sa chriadóireacht, gloine, troscán, rothlú adhmaid, seodóireacht, jewellery, oiriúintí agus earraí airgid,


Taispeántas Sealadach Temporary Exhibition

Úna Burke, ‘Mála Mná na Laochra’, 2013

Sa taispeántas, 'Ceardaíocht Éireannach na 21ú hAoise', léirítear ábhar comhaimseartha Éireannach sa bhailiúchán náisiúnta. Sa bhliain 2004 bhunaigh Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Comhairle Cheardaíochta na hÉireann (ar a tugadh an t-ainm nua Comhairle Dhearadh agus Cheardaíochta na hÉireann i 2014), ciste comhcheannaigh chun píosaí a fháil do bhailiúchán de cheardaíocht chomhaimseartha Éireannach mar chuid de bhailiúcháin ealaín maisiúla an mhúsaeim. Tá rogha réada, a fuarthas tríd an gciste, ar taispeáint anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann: Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, agus áirítear ann samplaí de scoth na hÉireann sa chriadóireacht, gloine, troscán, rothlú adhmaid, seodóireacht, jewellery, oiriúintí agus earraí airgid, Le bailiú na saothar comhaimseartha ardcháilíochta ó dhearthóirí-déantóirí na hÉireann don bhailiúchán náisiúnta, is féidir seandachtaí na todhchaí a chaomhnú do na glúinte atá romhainn. Is é an príomhluach a bhaineann le bailiú comhaimseartha dá leithéid ná láidreacht fhísiúil na réad a fhaightear ar son mhuintir na hÉireann, agus caomhnú na scileanna lena rinneadh iad.

Tá an taispeántas 'Ceardaíocht Éireannach na 21ú hAoise', a cuireadh ar bun ar dtús i 2011, curtha ar bun arís chun bailiúchán an chiste chomhcheannaigh NMI/DCCOI a aibhsiú. Tá nuashonrú déanta ar an taispeántas chun roinnt rudaí a fuarthas le déanaí tríd an gciste a áireamh.

Inga Reed, ‘Muince Síolta’, 2008

Yaffe Mays, Caibinéad, 2006

Frances Lambe, ‘Cruth Cuartha Bréifneach', Poirceallán, 2011

Michael McCrory, ‘Piorra Deilgneach’ Taephota, 2011