1914: Amlíne Eachtraí

Bhí ról tábhachtach ag an Ascar in eachtraí i stair na hEireann ar feadh na bliana cinniúine 1914.


Sir Edward Carson ag déanamh léirbhreathnaithe ar Óglaigh Uladh, 27 Meán Fómhair 1913.

Ceannairc an Churraigh

Ar an 20 Márta, diúltaíonn oifigigh arm na Breataine páirt a ghlacadh in ullmhúcháin chun úsáid a bhaint as an arm chun an freasúra i gCúige Uladh a chur faoi chois.

Aibreán – Teacht i dTír na nGunnaí i Latharna

Ar an 24-25 Aibreán, tógann na hAontachtaithe na hairm isteach i dtír i Latharna i gContae Aontroma.

Bealtaine – An Tríú Bille Rialtais Dhúchais

Ar an 25 Bealtaine, ritear an Tríú Bille Rialtais Dhúchais in Westminster. Tarlaíonn díospóireacht dian maidir le todhchaí Uladh chun cosc a chur ar chogadh cathartha ó bhriseadh amach.

Bealtaine – Idirbheartaíocht Arm sa Ghearmáin 

Ar an 28 Bealtaine, taistealaíonn Erskine Childers agus Darrell Figgis go Hamburg chun idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le hairm a cheannach d’Óglaigh na hÉireann.

Meitheamh – Feallmharaítear An tArd-Diúc Franz Ferdinand

Ar an 28 Meitheamh, feallmharaítear Ard-Diúc Franz Ferdinand na hOstaire in Sairéavó a chuireann tús leis an géarchéim a thosaíonn an Chéad Chogadh Domhanda.

Iúil – Teacht i dTír na nGunnaí i mBinn Éadair

Idir an 3 Iúil agus an 26 Iúil, seoltar an tAscar ón mBreatain Bheag chun na hairm a cheannaigh Childers agus Figgis a bhailiú. Tagann siad i dtír i mBinn Éadair.

Déanann trúpaí an Rialtais iarracht na hairm a ghabháil ach ní éiríonn leo. Níos déanaí an lá sin maraítear triúr sibhialtach in achrann idir trúpaí an rialtais agus slua a bhí tar éis bailiú le chéile ar Shiúlán Bhaitsiléir.  

Iúil – Comhdháil Phálás Buckingham

Idir an 21 Iúil agus an 24 Iúil, reáchtáiltear Comhdháil Phálás Buckingham; Ní thagann ionadaithe Aontachtacha agus Náisiúnacha ar chomhaontú. 

Iúil & Lúnasa - Fógraítear an Cogadh

Ar an 28 Iúil, fógraíonn an Ostair agus an Ungáir cogadh ar an Seirbia. 

Faoin 4 Lúnasa, tá an Bhreatain tar éis cogadh a fhógairt ar an nGearmáin. Spreagann sé seo Príomh-Aire na Breataine reachtaíocht a dhréachtú chun tús leis an Rialtas Dúchais a chur siar. 

Meán Fómhair – An Bille Rialtais Dhúchais

Ar an 18 Meán Fómhair, faigheann an Bille Rialtais Dhúchais Aontú an Rí. Ach, cuirtear siar tús an Rialtais Dhúchais le bille eile, an tAcht Fionraíoch, a bhaineann an bhagairt maidir le cogadh cathartha in Éirinn.

Déantar an tAcht Fionraíoch a athnuachan don chuid eile den chogadh. Ar deireadh, cuirtear an Bille ar ceal tríd an Acht um Rialtas na hÉireann a thabhairt isteach i 1920.