Caomhnú an Ascair

Rinne foireann athchóiritheoirí faoi stiúir an mháistircheardaí John Kearon athchóiriú mionsonraithe ar an Ascair agus tugadh ar ais í chuig an gcuma a bhí uirthi ag an am a rinne sí a turas stairiúil


Cabhail an Ascair, roimh an chaomhnaithe.

Go déanach sna 1990í bhí ceist thodhchaí an Ascair mar ábhar díospóireachta arís. Bhí cuid mhór daoine a raibh an-spéis acu sa seoltóireacht ag iarraidh go seolfaí an t-árthach arís agus rinne siad argóint gurbh é seo an bealach is fearr chun í a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. An tuairim a bhí acu siúd le níos mó taithí agus iad ag déileáil le longa stairiúla ná go raibh siad níos amhrasaí.

Nuair a scrúdaíodh cabhail na loinge fuarthas amach go raibh damáiste mór déanta air de bharr creimthe agus dúradh é seo chomh fada siar nuair a rinneadh athchóiriú ar an long i 1968. Rinne na daoine úd a bhí ag iarraidh an t-árthach a chaomhnú mar shaothar músaeim an argóint dá ndéanfaí an t-árthach oiriúnach don fharraige go scriosfaí beagnach an chuid is mó den bhunstruchtúr agus ní bheadh fágtha ach an t-ainm féin agus dhéanfaí dearmad ar an árthach. 

Tar éis cuid mhór díospóireachta, socraíodh an t-árthach a chaomhnú mar shaothar músaeim agus bogadh í go dtí láthair gabháltais i gCumann Ríoga Bhaile Átha Cliath i 2001. Sa bhliain 2005 bogadh í go dtí an áit ina bhfuil sí faoi láthair i nDún Uí Choileáin i bhfoirgneamh a bhíodh in úsáid mar halla gleacaíochta.

An taobh amuigh de thaispeántas an Ascair ag Dún Uí Choileáin. Bhíodh an foirgneamh seo ina halla spóirt, tráth.

Ceapadh an máistircheardaí agus an caomhnóir John Kearon chun bheith i gceannas ar an bhfoireann caomhnaithe. Scrúdaigh sé an tAscar den chéad uair i 1987 agus mhol sé bearta fairsinge chun an t-árthach a chaomhnú. An fhadhb ba mhó a bhí i ndán don Ascar ná an damáiste a bhí á dhéanamh dá struchtúr tríd an gcreimeadh dá tairní miotail feiriúla agus ceangail. 

Nuair a tógadh í ar dtús, daingníodh comhpháirteanna adhmaid trí úsáid a bhaint as tairní práis, tairní crann adhmaid agus ceangail iarainn. Le linn a saoil fheidhme cuireadh isteach tairní cruach galbhánaithe. Sa timpeallacht ina raibh salann d’fhrithghníomhaigh na miotail seo lena chéile agus iad an-ghar dá chéile ag déanamh damáiste don adhmad a bhí díreach timpeall orthu. Lean an próiseas seo go ciúin agus an t-árthach ar taispeáint i gCill Mhaigheann toisc nach raibh ach cuid den struchtúr a bhí tógtha timpeall an árthaigh faoi chosaint ó na heilimintí. Nuair a thosaigh an díospóireacht maidir le todhchaí an árthaigh go déanach sna 1990idí bhí Kearon mar dhuine díobh siúd a bhí go mór i bhfabhar go ndéanfaí an long a chaomhnú seachas í a athchóiriú le dul ag seoltóireacht.

Suíonn John Kearon taobh istigh den Ascar le linn an chaomhnaithe.

Léirigh an cur chuige maidir leis an bpróiseas caomhnaithe fealsúnacht an chaomhnaithe. Cibé áit inarbh fhéidir choinnití an bunábhar. D’éirigh sé soiléir go han-tapa gur chuir an fhadhb creimthe isteach ar an árthach ar fad agus chun é a dhéanamh socair bheadh gá leis na feistis mhiontail chreimthe ar fad a bhaint. Leis seo a dhéanamh baineadh úsáid as cineál speisialta druilire sábha poll a dhruileáil fáinne ciorclach timpeall na tairní ar leith agus bhíothas in ann an phlancáil a ardú glan amach as an bhfráma agus fágadh na tairní creimthe agus an t-adhmad damáistithe le baint leo féin. Ina dhiaidh seo baineadh úsáid as dalláin adhmaid le cur ann in áit an adhmaid a bhí caillte le linn an phróisis, dalláin chiorclacha don phlancáil agus dalláin le cruth cóin le cur isteach sna poill a bhí fágtha sa fhráma. Nuair a críochnaíodh an próiseas saothrach seo atógadh an chabhail trí úsáid a bhaint as an mbunphlancáil leis na miondeisithe logánta. Bhí i bhfad níos mó creimthe déanta sa fhráma ná mar a bhí sa phlancáil agus dá bhrí sin bhí gá le níos mó codanna substaintiúla a athsholáthar. Dá ndéanfaí an t-árthach a athchoiriú le dul ag seoltóireacht, bheadh na hábhair seo ar fad caillte. Bhí fadhbanna comhchosúla maidir leis an gcreimeadh a chuir isteach ar chodanna eile den long, ach ní raibh an méid céanna atogáil de dhíth orthu is a bhí ar an gcabhail.

Cuid amháin den árthach a raibh macasamhlú iomlán de dhíth orthu ná struchtúir na deice agus an chóiríocht. Aidhm an tionscadail athchóirithe seo ba ea an long a athchóiriú go dtí an chaoi ina raibh sí i 1905. Ach, rinneadh na codanna seo a athsholáthar go hiomlán i 1968. Dá bhrí sin bhí gá leis na struchtúir seo a atógáil de réir na mbunsonraíochtaí mionsonraithe a d’iarr Erskine Childers.

Bailíonn an slua timpeall ar an Ascar ag oscailt an taispeántais.

Tar éis 5 bliana oibre críochnaíodh an tionscadal caomhnaithe sa samhradh in 2012.. Seachas struchtúir na deice agus an chóiriocht, rinneadh timpeall 70% de bhunábhair an árthaigh a chaomhnú.