Féach ar 6 Dhéantán ó Shaighdiúracht Thar Lear

Foghlaim roinnt de scéalta shaighdiúirí Éireannacha in airm eachtrannacha, ón taispeántas Saighdiúirí & Taoisigh.


Macasamhail de Mhuireitleán Löhner Von Banfield

Macasamhail de Mhuireitleán Löhner Von Banfield

Leag Gottfried von Banfield (mac le Richard Banfield ó Chorcaigh) naoi n-eitleán de chuid an namhaid le lin an Chéad Chogadh Domhanda. Oifigeach i gCabhkach na hOstaire, ba é an duine deiridh ar a bronnadh Ord Maria Theresa. Fuair Gottfried von Banfield bás i 1986 i Trieste, san Iodáil, an duine deiridh de Ghéanna Fiáine na hOstaire.

Sciath Zulu Umbhumbhulosu, 1879

Sciath Zulu Umbhumbhulosu, 1879

Armtha le sciath déanta as craiceann bó agus sleá fhada, bhí laochra eagraithe ina ngrúpaí buana ar leith d’fhir le haitheantas agus siombail ar leith, struchtúr nach bhfuil chomh difriúil sin ó reisimintí na Breataine. Dá mhéid bán ar sciath an laoich, is ea mó a shinsearacht ina aonad, ar a dtugtar ‘impi’.

 

Fenian Uniform from circa 1866

Éide na bhFiníní, c.1866

Eagraithe ag gluaiseacht réabhlóideach na bhFiníní, chinn siad ar an mBreatain a ionsaí trí ruathar a dhéanamh ó thuaidh go Ceanada. Mura bhféadfaidís Ceanadaa ghabháil, ar a laghad bhí na Finíní ag súil go gcothófaí eachtra idirnáisiúnta idir an Bhreatain agus na Stáit Áontaithe.

 

Cocked Hat of Assistant Surgeon BackhorseHata ar Tinneall an Lia Cúnta Backhorse

Tugadh cúnamh leighis do shaighdiúirí, ach ia ag brath ar an ádh a bhí do sheansanna maireachtála. Dá mbeadh gortú agat a chuaigh tríd an gcorp is beag seans a bhí agat.

Dá mbeadh do lámh nó do chos scriosta, ba é an rogha ab’ fhearr ag an lia ná an ghéag a bhaint limb, le sámh ghéar, bheadh súil agat. Dá mba rud é nár tháinig morgadh sa stumpa, is dócha go mairfeá.

Sreangdhruma ón gcéad chathlán Royal Muster Fusiliers

Sreangdhruma ón gcéad chathlán Royal Muster Fusiliers

D’iompar an drumadóir Luttrell an druma seo ar feadh an Chogaidh Boer, ag bualadh ama máirseála do shaighdiúirí sa chéad chathlán, Royal Dublin Fusiliers. Tugann grianghraf sa ghailearaí seo tuairim faoi óige neart drumadóirí (bhí cead acu dul isteach ag 14) agus ceann de na húsáidí a d'fhéadfaí a bhaint as sreangdhruma sa pháirc catha - deasc chun litir a scríobh abhaile.