Féach ar 6 Dhéantán ó Shaighdiúracht sa Bhaile
Foghlaim faoi 6 réad sa chéad dá ghailearaí den taispeántas Saighdiúirí agus Taoisigh.
Veist Spóirt, Royal Dublin Fusiliers.
Veist Spóirt, Royal Dublin Fusiliers
Is minic a thug saighdiúirí na Breataine an dúshlán d’fhoirne áitiúla le haghaidh cluiche, mar bhealach chun an dea-thoil a chothú sa phobal áitiúil. Dá bhrí sin, mheall spóirt na Breataine ar nós rugbaí agus peil (sacar) lucht leanúna i mbailte garastúin. Mhealllfadh ócáidí dá leithéid slua maith, iad ag súil de ghnáth leis na daoine áitiúla a fheiceáil ag bualadh an Airm.
Trousseau 1897
D’fhéach roinnt de mhuintir an bhaile ar na fir óga a raibh fostaíocht shocar acu sna bearaicí mar chéilí pósta inmhianaithe do mhná áitiúla.
Phós neart saighdiúirí Sasanacha mná Éireannacha, agus shocraigh roinnt saighdiúirí anseo i ndiaidh scoir, fiú.
Ceannaíodh an gúna seo do trousseau Luielia, is dócha af a fear chéile Lt Colonel George Smith 56 bliana d’aois, nuair a bhí siad ar mhí na meala san Astráil.
Bhí cónaí orthu i mBaile an Phiobaraigh, Co. Lú agus bhí ceathrar clainne acu.
Leabhar Táilliúra Míleata

Murab ionann agus saighdiúirí liostáilte, a fuair éide caighdeánach, is minic a cheannaigh oifigigh a gcuid éide féin. Cheannaigh siad na nithe a bhí de dhíth ó tháilliúir míleata speisialta, a choinnigh taifid chasta (lena n-áirítear sceitsí agus paistí samplacha) de na rialacháin maidir le gach cineál éide i leabhar mór tagartha. Ba le Johnstone, táilliúir áitiúil i mBaile Átha Cliath, an leabhar tagartha seo.
Teach Soghluaiste
Chuir troscán iniompartha nó ‘feachtais’ ar chumas theaghlaigh na n-oifigeach a maoin féin a thabhairt leo nuair a seoladh chuig bearaicí eile iad. Bhí nithe dá leithéid tógtha go láidir, agus bhí sé éasca iad a thógáil óna chéil le hiompar. Is iad Ross & Co. ó Bhaile Átha Cliath a rinne na cathaoireacha feachtais seo thart ar 1870.
Gránadóir Seacaibíteach
Gránádóir Seacaibíteach, 1691
Tá an saighdiúr seo ag lasadh gránáide atá tógtha ón mála ag a choim. . I gceann súpla soicind caithfidh sé an gléas pléascach ag na saighdiúirí atá ina choinne. : Ba mhinic a d’úsáid gránádóirí na hairm seo chun naimhde a dhíbirt a bbhí ag ionsaí brisedh i mballa dúin nó bhaile. D’fhonn an ghránáid a chaitheamh ní mór dó a mhuiscéad a iompar thar a ghualainn - caitheann sé caipín bog freisin nach gcuirfidh isteach ar a ghluaiseacht.
Taispeántán de chraipí (1798) sa taispeántas Saighdiúirí agus Taoisigh
Príosúnach Craipí, 1798, Bearaicí Ríoga, Baile Átha Cliath
Fanann an réabhlóidí gafa seo ar a bhfuil i ndán dó i mbearaící Bhaile Átha Cliath i ndiaidh na réabhlóide. Tugann a éadaí sibhialtaigh le fios nach saighdiúir é, ach buachaill feirme. Le neart eile, tá sé teoranta laistigh de chearnóg díreach taobh amuigh den fhoirgneamh seo. Má tá mí-ádh air, crochfar é, agus caithfear a chorp in Abhann na Life. Príosúnach Craipí, 1798, Bearaicí Ríoga, Baile Átha Cliath
Iompraíonn an muscaedóir Eireannach seo (ar chlé) muscaed éadrom ‘cailibhéar’ a bheadh in úsáid le linn Chogadh na Naoi mBliana (1594-1603). Tá sé ag cur an chipín lasta i gcoinne an phúdair sa phanna, a scaoilfidh an t-arm. Tá sé gléasta go traidisiúnta, ach caitheann sé clogad Morion de stíl na Sasanach mar chosaint, agus tá soláthar púdair aige sa fhleascán ar a thaobh.