Airgead

Don chuid is mó, airgead sainmharcáilte Éireannach agus Sasanach atá sa bhailiúchán, ón 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann.


Sraith 14

Airgead na hÉireann

Bunaíodh an Dublin Goldsmiths Company faoi chairt a bhronn an Rí Séarlas I i 1637. Thug sé seo de cheart don chuideachta díol agus déantús ór agus airgead in Éirinn a rialú agus stampa a chur ar na hearraí sin a bhí ar an gcaighdeán riachtanach. Is cosúil go praiticiúil go raibh údarás na cuideachta teoranta do Bhaile Átha Cliath agus don cheantar mórthimpeall air go dtí an 19ú haois. Bhí roinnt cathracha agus bailte eile, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach go háirithe, a tháirg airgead d’ardchaighdeán, go háirithe san 18ú haois. D’úsáid siad marcanna baile, agus léiriú ar fhíneáltacht ó am go ham, ach níor úsáid siad litreacha dáta.

Cuimsíonn an bailiúchán airgid Éireannach réada creidimh, searmanacha agus baile agus fuarthas faoi chúpla teideal iad, lena n-áirítear cineál, stíl, feidhm, tréimhse agus ionad déantúis. Tagann stíleanna airgid Éireannach leo siúd a bhí coitianta sa Bhreatain agus san Eoraip chomhaimseartha den chuid is mó. Tá roinnt nithe agus gnéithe, áfach, atá Gaelach iontu féin, cosúil leis an miasfháinne, an babhla siúcra le trí chois agus móitífeanna maisitheacha áirithe. Tá go leor díobh seo le feiceáil sa taispeántas. Tá go leor Airgid ó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath le feiceáil freisin agus tá cuid de na samplaí is fearr d’airgead Chorcaí, Luimnigh agus na Gaillimhe le fáil ní hamháin anseo ach sa taispeántas Airgead na hÉireann sa Bhloc Theas chomh maith.

Sraith 15

Airgead

Don chuid is mó, airgead sainmharcáilte Éireannach agus Sasanach atá i mbailiúchán an Mhúsaeim, ón 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann. Tá líon beag de phíosaí Eorpacha ann freisin, a fuarthas don chuid is mó idir c.1890 agus 1910 mar eiseamláir de dhearadh agus de cheardaíocht Baineann croílár an bhailiúcháin leis an tréimhse c.1700 – 1850 agus áiríonn sé réada reiligiúnda, teaghlaigh agus deasghnácha. Bailiúchán tábhachtach is ea é, ní hamháin i dtéarmaí stíle agus deartha, ach freisin i gcomhthéacs na stair sóisialta agus eacnamaíochta. Tugann sé léargas dúinn ar shaol na n-aicmí sóisialta a d'úsáid airgead, mar a mhair said, cad a d'ith agus a d'ól said, mar a thaispeáin said a saibhreas.

Toisc go bhfuil sainmharc le tromlach na bpíosaí, marcáilte le marcanna speisialta a léiríonn cáilíocht an airgid, ceannlitreacha an déantóra agus áit an bhlian inar rinneadh é, de ghnáth tá sé éasca dátaí an-chruinn a lua le réad airgid. Tá sé seo fíor ach go háirithe maidir le Baile Átha Cliath, Londain, Birmingham, Sheffield agus na cathracha móra ina raibh oifigí measúnaithe oigifiúla. Bhain ionaid níos lú, ar nós Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach, chomh maith leis an iliomad bailte cúige i Sasana, éagsúlacht de mharcanna baile, ceannlitreacha agus siombail. Bhí an fheidhm chéanna acu seo agus a bhí ag sainmharcanna, a bheag nó a mhór, ach toisc nach bhfuil litreacha dátaí orthu bíonn sé níos deacra dáta a chur ar ábhar ó na bailte seo.