Laochra Áitiúla

Tionscadal ealaíon agus oidhreachta idirghlúine idir Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Coláiste Pobail Uí Lorcáin le comhpháirtithe eils san oideachas.


Tionscadal trí bliana ab ea Laochra Áitiúla idir Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair, Baile Átha Cliath 7 agus Coláiste Pobail Uí Lorcáin, Baile Átha Cliath 1.

Ar feadh an tionscadail, d'oibrigh scoláirí ó Choláiste Pobail Uí Lorcáin le healaíontóirí, staraithe, oideoirí an mhúsaeim agus grúpa daoine breacaosta a d'fhreastal ar Lourdes Day Care Centre atá cóngarach don scoil.

Ta cur chuige idirchuraclaim glactha ag an tionscadl i leith a fhiosraithe ar stair agus oidhreacht. Chomh maith le turais allamuigh agus foghlaim sa seomra ranga, ghlac na scoláirí páirt i ndéanamh puipéad, scéalaíocht, grianghrafadóireacht, drámaíocht agus scannánaíocht.

Thar na trí bliana bhí cúig thionscadal ar leith sa chomhpháirtíocht:

Bliain Tionscadail 1: 'Crime Scene Investigates' tionscadal scéalaíochta agus'Laochra Áitiúla' taispeántas grianghrafadóireachta

Bliain Tionscadail 2: 'Dealbha ag Gluaiseacht' léiriú sa Mhúsaem

Bliain Tionscadail 3: 'Laochra Áitiúla' rian oidhreachta ar líne agus Aip ag gabháil leis.

Thar na trí blian tá neart foghlamtha againn faoi obair i gcomhpháirtíocht le réimse de ghníomhaireachtaí, grúpaí agus daoine aonair. Is feidir neart de ghnéithe an tionscadail a chóipeáil agus tá naisc dhíreacha acu le roinnt de na príomhshnáitheanna is gcuraclam nua na Sraithe Sóisearaí.

Tháinig maoiniú don tionscadal ón Músaem, Coláiste Pobail Uí Lorcáin, NAPDS Creative Engagement, Poetry Ireland, Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus Localise Caring in the Community.

Tuilkeladh faoin tionscadal seo.