Astraláib

SATNAV ón am atá thart...


Rinne Erasmus Habermel am astraláib seo don Dr Franciscus Paduanis, lia le Rudolph II (1552-1612), Impire Naofa Rómhánach, Ard-Diúc na hOstaire agus Ri na Boihéime. Rinneadh sa Phrág í ag druidim le deireadh na 16ú haois. Ba í an astraláib an phríomhuirlis réalteolaíochta sula raibh an teileascóp ann, agus bhaineadh réalteolaithe, suirbhéirí, taistealaithe agus loingseoirí úsáid aisti óm seachtu haois go dtí an ochtu haois déag. B'uirlis eolaíoch í an astraláib a raibh neart feidhmeanna aici. D'fhéadfa í a úsáid chun airde, faid agus uillinneacha a thomhas, d'fhéadfá do dhomhanleithead (do shuíomh thuaidh/theas) a aimsiú, agus an t-am áitiúil a aimsiú. D'fhéadfá an astraláib a úsáid freisin chun suíomhanna na gréine, an ghealaigh, na bplainéad agus na réalta a aimsiú agus, fiú, eachtrai réaltaíolaíochta sa todhchaí a thuar.

An raibh a fhios agat?

Bhí an astraláib costasach agus deacair le déanamh, agus ba mhinic go raibh gá le bliain a chaitheamh le ceann a dhéanamh. Measadh gur chomhartha gradaim é astraláib a bheith agat. Creidtear gur san Éigipt a baineadh úsáid as astraláib ar dtús. Tá taifid ar astraláib in úsáid san Eoraip chomh fada siar leis an 10u haois. I dtíortha Moslamacha bhaintí úsáid astu chun na hamanna a ra do phaidreacha. Tá an Réalteolaíocht ar cheann de na heaolaíochtaí is ársa. Cuireadh tús léi sa domhan ársa, roimh an 5ú hAois.

Ó: Prág, An Ostair

Date: 16ú haois

Made of: Órú copair

Aimsigh sa Mhúsaem é:Taispeántas Rogha an Chaomhnóra