Baoi Tarrthála ón Lusitania
Cén fáth a bhfuil baoi tarrthála ó línéar sámasach na farraige móire san Ard-Mhúsaem? Tá tuilleadh sa scéal seo ná mar a cheaptar...
Bualadh an Lusitania le toirpéad ó u-bhád Gearmanach agus chuaigh sí go tóin poill amach ó chósta na hÉireann an 7 Bealtaine 1915. Phioc an bád iascaigh as Baile Atha Cliath, an Dean Swift, an baoi amach as an bhfarraige coicís in ndiaidh na tubaiste. Caitheadh an maide rámha (as bád tarrthála) ar thrá ar chósta thiar Cho. an Chláir i mí Lunasa 1915 agus bronnadh ar an Músaem ansin é. Bhí an Lusitania, leis an líne Cunard, ar cheann de na línéir farraige ba mhó, ba thapúla agus ba shámasaí ar domhan i 1915. Tógach in Albain í. Bhí acmhainn aici do 2,000 duine agus criú de 850. An 1 Bealtaine 1915, d'fhág an Lusitania ar a chéad thuras ó Nua Eabhrac go Learpholl, turas a thógfadh seacht lá ag trasnú an Atlantaigh. Bhi costas $4,000 ar thicéad aontreo sa chéad aicme - ag an am sin bhí $20 in aghaidh na seachtaine mar phá, ar an meán.
Cá bhfuil an Lusitania anois?
Tá an raic suite thart ar 7 míle(11 km) amach ó Theach Solais Sheancheann Chionn tSáile i 300 troigh (91 m) d'uisce. Murab ionann agus an Titanic, a ghlac breis agus dhá uair an chloig le dul go tóin, chuaigh an Lusitania go tóin in 18 nóiméad. Bhí dóthain bád tarrthála ann, ach bhí an nós imeachta lainseála trína chéile toisc nach raibh mórán taithí ag an gcriú. Fuair beagnach 1,200 duine bás sa tubaiste. Cé go raibh an t-earrach ann, bhí an t-uisce fós fuar, agus bhásaigh neart daoine ón nochtadh.
From: Alba
Dáta: 1915
Déanta as: Canbhás
Aimsigh sa Mhúsaem é: Taispeántas Ón Stór, an chead urlár