Culaith Samurai

Faigh tuilleadh eolais faoi 'Slí an Laoich'...


Rinneadh an culaith samurai samhlach seo sa 19ú haois. Bhíodh cultacha cosúil leis seo á gcaitheamh sa tSeapáin ó dheireadh na 17ú haois go dtí an 18ú haois. Ag deireadh na 19ú haois bhí an-spéis san ealaín Seapanach agus Síneach, agus d'éirigh sí an-fhaiseanta ar fud na hEorpa. Bhailigh músaeim amhail an ceann seo - an Músaem Náisiúnta Eolaíochta agus Ealaíne mar a bhí ag an am - agus Músaem Victoria & Albert i Londan a lán ealaíne Áiseach.

An raibh a fhios agat?

Thosaigh na Samurai mar ghrúpa nó mar aicme shóisialta ag athrú sa 12ú haois mar shaighdiúirí agus gardaí cosanta. Is dócha nach raibh sna Samurai ach thart ar 10% den daonra ag an am sin, ach faoin 18ú haois bhí siad i gceannas ar an tSeapáin. Mar rialtóirí, b'iad na Samurai amháin a raibh cead acu claimhte a iompar agus bhí cumhacht iontach acu. Mhair Samurai freisin le cód dian ar a tugadh ‘Bealach an Laoich’. Leag ‘Bealach an Laoich’ an-bhéim ar dhílseacht, díoltas, onóir phearsanta agus ‘Seppuku’ (féinmharú onórach). Ghléas na Samurai freisin ar bhealach suntasach agus, mar sin, b'fhurasta iad a aithint láithreach. Tá 23 cuid sa chulaith samurai agus tá a ainm féin ag gach cuid, mar shampla, ‘Clogaid Kabuto’ - déanta as iarainn le 20 painéal bocóideacha ar na taobhanna agus painéal maisithe óraithe chun tosaigh agus ar chúl agus dhá adharc maisiúcháin chun tosaigh.

Ó: An tSeapáin

Dáta: 19ú hAois

Déanta as: Iarann

Aimsigh sa Mhúsaem é: An Taispeántas Ón Stór, an chéad urlár.