An Nollaig sna 1950í
Taispeántar anseo seomra suí ag teaghlach óg nua-aimseartha sna 1950í.

Taispeántar anseo seomra suí ag teaghlach óg nua-aimseartha, é líonta le cártaí Nollag ó na 1950í ag suí ar bharr an chornchláir.
Ag seinm ar an seinnteoir tá ceirnín Nollag ó na 1950í ag Dinah Shore le ceol banna mhóir na re sin. Tá pléascóga Nollag i mbosca ar an tábla réidh le tarraingt as a chéile chun bronntanais a nochtadh.
Ag suí ar bharr an seinnteora tá crann Nollag saorga a bheadh tipiciúil ag an am. Tá sé maisithe le maisiúcháin de ghloine mearcair.