21ú haois
Seomra ón 21ú haois ina bhfuil Snowflake, 2012, aicrileach múnlaithe tréshoilseach, le Leo Scarff

Agus inspioráid faighte aige ó bheith ag féachaint ar a pháistí agus crann Nollag á mhaisiú acu, theastaigh ón dearthóir troscáin agus soilse Leo Scarff maisiúchán Nollag a chruthú a bhí nua-aimseartha ach simplí.
Tá an chalóg sneachta déanta as aicrileach múnlaithe atá gearrtha le léasar. Fágann an próiseas seo ciumhais atá snasta go mín. Bhain Scarff úsáid as roinnt teicnící ríomh-ghearrtha agus bailchríochnaithe ar bhealach iomasach.
Is í an teicneolaíocht atá mar bhunús lena chur chuige deartha. “Mothaímid go bhfuil dul chun cinn déanta ag teicneolaíocht táirgthe troscáin sa chaoi is gur féidir anois aonad amháin nó míle aonad a chruthú leis an acmhainn chéanna.” Chuir éiteas agus tuiscint seo na teicneolaíochta ar chumas Scarff a smaoineamh a léiriú go tapa, athruithe beaga a dhéanamh gan cur isteach, agus carachtar saincheaptha agus aonánacht a chur leis na táirgí.