Do Scoileanna Teanga
Léigh faoin gcaoi inar féidir le do ghrúpa scoile teanga an tairbhe is mó a bhaint as cuairt ar Dhún Uí Choileáin
Faisnéis maidir le cuairt a thabhairt agus maidir le cuairt a phleanáil
Is rogha ionaid a bhfuil tóir air Músaem na nEalaíona Maisiúla & Staire do Scoileanna Teanga.
Tá an cead isteach saor in aisce agus tá tábhacht traschultúrtha le cuid mhór de ghnéithe na dtaispeántas.
Faoi láthair ní féidir linn turais threoraithe a chur ar fáil do scoileanna teanga agus mar sin is cuairteanna féintreoraithe iad ar fad. Tabhair faoi deara go n-iarrtar ar Cheannaire an Ghrúpa fanacht leis an ngrúpa an t-am ar fad agus molaimid go mbeadh an cóimheas 1 go 15 idir na ceannairí agus scoláirí.
Molaimid go ndéanfadh na grúpaí ar fad atá ar cuairt fhéintreoraithe roinnt oibre ullmhúcháin sa seomra ranga, go mbeadh tascanna acu le déanamh le linn na cuairte agus go mbeadh obair le déanamh i ndiaidh na cuairte sa seomra ranga.
Ní mór do ghrúpaí áirithint a dhéanamh roimh ré le haghaidh aon chineál cuairte chuig an Músaem. Téigh i dteagmháil linn chun áirithint a dhéanamh.
Réamhullmhúchán don chuairt
Níl an stór focal ag an gcuid is mó de na scoláirí atá leathan go leor leis na téarmaí a chuimsiú a úsáidtear chun réada agus téamaí stairiúla agus smaointe a ainmniú agus cur síos a dhéanamh. Dá bhrí sin, molaimid go ndéanfaí obair sa seomra ranga ionas gur féidir leo eolas a thuiscint faoi na réada éagsúla agus faoin saol réamhstairiúil fadó.
Tasc réamhchuairte amháin a d'fhéadfadh a bheith ann ná go gcrúthódh na scoláirí iad féin gluaise don chuairt.
Molaimid go míneodh na ceannairí grúpa do na scoláirí cad a bhfuiltear ag súil leo le linn na cuairte, má tá siad le bileoga oibre a chomhlánú nó cosán a leanúint.
Ag socrú téamaí
Tugann plean urláir agus leathanaigh taispeántais an Mhúsaeim eolas ar chóir cabhrú le bealach nó téama a phleanáil do chuairt na scoláirí.
Molaimid freisin tasc a leagan amach, a chabhróidh leis an scoláire díriú isteach ar an gcuairt agus tairbhe a bhaint as, ar nós iniúchadh a dhéanamh ar an gcineál réad a aimsíodh i bportaigh na hÉireann.
Tasc eile a d'fhéadfadh a bheith ann ná iarraidh ar na scoláirí iniúchadh a dhéanamh ar réad ó cheantar áirithe d'Éirinn agus ‘Lipéad Músaeim’ a scríobhh don réad, cur síos air agus cad dó ar úsáideadh é san áireamh.
Féach ar na leabhráin gníomhaíochta do scoileanna ar líne le do thoil, le haghaidh smaointe faoi bhealaí eile ina bhféadfadh na scoláirí iniúchadh a dhéanamh ar na taispeántais.
Obair iarchuairte
Bíodh obair bhreise pleanáilte ar ais sa seomra ranga, ar nós labhairt faoin líníocht a rinne siad de réad nó an t-eolas a d'aimsigh siad a chur i láthair.
B'fhéidir go bhféadfaí cur chuige traschuraclaim a leanúint trí iarraidh ar an scoláire scéal a scríobh faoi conas a bhí sé maireachtáil i dtréimhse ama, réad a tharraingt a sceitseáil siad sa Mhúsaem. Déan tagairt dá gcuairt ar an Músaem agus cad a chonaic siad nuair atá tú ag féachaint ar obair chúrsa sa seomra ranga.
Ar líne
Tá eolas faoi na príomhfhorbairtí agus na príomhréada i dtréimhse ama sna leathanaigh taispeántais. Tá eolas ar chuid den bhailiúchán taighde nach bhfuil ar taispeáint sna leathanaigh bhailiúcháin.
Faigh amach conas a dhéanann an Músaem na réada a chaomhnú nó cúram a thabhairt dóibh i mbailiúchán an Mhúsaeim agus mioneolas faoi roinnt de na próisis a úsáidtear chun cúram a thabhairt do roinnt réad.