Tarraing sa Mhúsaem

Tá raon ollmhór déantán againn atá mar fhoinse shaibhir le sceitseáil, taighde agus scrúdú a dhéanamh orthu.


Is foinse inspioráide d'ealaíontóirí agus do dhearthóirí é Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla & Stair.

Tá raon ollmhór déantán againn atá mar fhoinse shaibhir le sceitseáil, taighde agus scrúdú a dhéanamh orthu.

Toisc gur féidir damáiste a dhéanamh do roinnt déantán nó gur féidir leo a aghlot le hábhair ealaíne agus/nó le gníomhaíocht roinnt teicnící ealaíne, iarraimid ort cabhrú linn agus an damáiste a d'fhéadfadh a bheith ann a laghdú trí na treoirlínte seo a leanas a leanúint:

  • Níor chóir lámh a leagan ar na déantáin, ná iad a úsáid chun luí ina gcoinne. I líon beag gailearaithe bíonn earra ócáideach marcáilte go soiléir mar 'earra inláimhsithe'. Cuir ceist ar fhreastalaí mura bhfuil tú cinnte. Bain úsáid as seomra na gcótaí le do thoil le haghaidh cótaí agus málaí, agus seachain iad a fhágáil ar na déantáin nó in aice leo.
  • Tá cosc ar ábhair fhliucha, péint spraeála, ábhair ghreamaitheacha agus buanaitheoirí a úsáid i ngach gailearaí. Tá substaintí iontu a d'fhéadfadh damáiste a dhéanamh do bhailiúcháin an Mhúsaeim, agus d'fhéadfaidís a bheith mar riosca d'fholláine na gcuairteoirí eile.
  • Tá fáilte romhat clostrealamh pearsanta a úsáid laistigh den Mhúsaem. Smaoinigh ar na cuairteoirí eile le do thoil.
  • Tá stólta ar fáil ar iasacht do gach cuairteoir. Cuir ceist ag an Deasc Fáiltithe le do thoil.

Tabhair faoi deara le do thoil nach nglacann an Músaem aon dliteanas as caillteanas giuirléidí nó trealamh pearsanta ná damáiste atá déanta dóibh.

Má tá aon cheisteanna agat, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn sula dtugann tú cuairt orainn.