Áiseanna do Chuairteoirí

Siopadóireacht, ithe agus scíth ag Dún Uí Choileáin. Eolas faoi áiseanna do chuairteoirí agus do thuismitheoirí agus faoi áiseanna inrochtana.


Tá ár bhfoireann eolach ar fáil chun cuidiú leat le ceisteanna ar bith a bheidh agat. Gheobhaidh tú cúnamh, má tá sé de dhíth ort, ag an Deasc Fáilte ar urlár na talún ag an bpríomhbhealach isteach.

Páirceáil

Tá páirceáil ag Dún Uí Choileáin ar bhonn Íoc agus Taispeáint:

  • 0 go 3 Uair €2; Lá Iomlán as €4
  • Luan - Satharn7:30 - 18:00 (Geataí Dúnta 18:30)
  • Domhnach13:00 - 17:30 (Geataí Dúnta 18:00)

Páirceáil Inrochtana

Tá 7 spás ainmnithe do pháirceáil le suaitheantas gorm.

Seomra Cótaí

Tá áiseanna seomra cótaí ar fáil ag an Deasc Fáilte ar urlár na talún ag an bpríomhbhealach isteach.

Leithris

Tá leithris inrochtana ar fáil ag:

  • An oifif fáilte
  • Caifé Brambles
  • Urlár na talún sa taispeántas Saighdiúirí agus Taoisigh

Áiseanna do Thuismitheoirí

Tá áiseanna friothála ar naíonáin ar fáil laistigh de na háiseanna leithris uile atá ar fáil ar fud an Mhúsaeim.

IIs féidir naíchóistí a thógáil timpeall ar amn Músaem toisc go bhfuil sé iomlán inrochtana le hardaitheoirí, rampaí, agus doirse leathan. Tá cathaoireacha arda ar fáil i gcaifé an Mhúsaeim, ach iad a iarraidh.

Cuireann caifé an MhUsaeim fáilte roimh chothú cíche.

Srianta Bagáiste

Ba chóir málaí droma móra, málaí móra agus cásanna a fhágáil sa seomra cótaí agus tú ar cuairt chuig an Músaem. Cuir ceist ag an deasc fáilte nuair a thagann tú. 

Ardaitheoirí agus Rochtain ar na Gailearaithe

Tá na gailearaithe ar fad i nDún Uí Choileáin iomlán inrochtana. Tá ceithre ardaitheoir ar an láthair, suite sa phríomhlimistéar fáilte, sa chúinne thoir ag freastal ar urlái a haon go trí de raoinn na n-ealaíon maisiúla den mhúsaem.. Tá dhá ardaitheoir sa taispeántas Saighdiúirí agus Taoisigh.

Inrochtaine

Freastalaíonn an Músaem ar chuairteoirí le cumais éagsúla. Tabhair cuairt ar rannóg Inrochtana le haghaidh tuilleadh eolais..

Suíocháin

Tá suíocháin ar fáil i bhformhór na ngailearaithe.. Tá stólta soghluaiste ar fáil ach iad a iarraidh.. Tá cathaoireacha rotha ar fáil ag an deasc fáilte freisin má tá said de dhíth.

Earraí Caillte

Má tá tú sa Mhúsaem, is féidir fiosruithe faoi earraí caillte a dhéanamh ag an deasc fáilte ar urlár na talún. Seachas sin, cuir glaoch ar +353 1 6777444.

Scannánaíocht agus Grianghrafadóireacht

Scannánaíocht agus Grianghrafadóireacht

Léigh comhairle agus polasaithe an Mhúsaeim maidir le treallamh ilmheáin a úsáid ar an láthair.